An tSaltair

Salm 1

1         Is aoibhinn dóibh sin nach leanann
de chomhairle lucht na héagráifeachta;
nach seasann i slí na bpeacach,
agus nach suíonn i gcuideachta na sotalach;

2         ach a bhfuil a ndúil i ndlí an Tiarna,
agus a dhéanann machnamh air de lá agus d’oíche.

3         Is cosúil na daoine sin le crainn
a plandaíodh ar bhruach na habhann,
a thugann a dtoradh go tráthúil
agus nach bhfeonn a nduilleoga choíche.
Bíonn an rath ar gach aon ní dá ndéanann siad.

4         Ní amhlaidh do na héagráifigh, ní amhlaidh!
ach mar cháith a scaiptear le gaoth.

5         Ionas nach seasfaidh na héagráifigh sa bhreithiúnas
ná na peacaigh i gcomhthionól na bhfíréan.

6         Óir is cúram don Tiarna slí na bhfíréan,
ach rachaidh slí na n-éagráifeach ar ceal.

Salm 2

1         Cén fáth a bhfuil na ciníocha á suaitheadh
agus na náisiúin ag beartú gan éifeacht?

2         Éiríonn ríthe na cruinne,
agus déanann na flatha comhcheilg le chéile
in éadan an Tiarna agus a ungthaigh:

3         “Réabaimis ó chéile a gcuibhreacha
agus caithimis uainn a ngeimhle!”

4         An té atá ar neamh, déanann sé gáire:
déanann an Tiarna díol magaidh díobh.

5         Labhraíonn sé ansin leo go feargach;
cuireann scéin agus sceimhle orthu le corp cuthaigh:

6         “Chuir mise mo rí féin i réimeas
ar Shíón, ar mo shliabh naofa.”

7         Foilseoidh mé reacht an Tiarna.
“Is tú mo mhac,” a dúirt an Tiarna liom,
“inniu is ea a ghin mé thú.

8         Iarr orm agus tiomnóidh mé na ciníocha duit
agus críocha na cruinne mar oidhreacht duit.

9         Déanfaidh tú iad a bhriseadh le slat iarainn;
brisfidh tú ina mbloghanna iad amhail soitheach cré.”

10       Bígí críonna, dá bhrí sin, a ríthe;
aire chugaibh, a rialtóirí na cruinne.

11       Déanaigí fónamh don Tiarna le heagla
agus tugaigí ómós dó go creathnach,
sula gcuirfí fearg air, is go dtéadh sibh ar ceal
nuair a bhladhmfaidh a fhearg go tobann.
Is aoibhinn dá gcuireann a ndóchas ann.

Salm 3

1         A Thiarna, nach líonmhar iad mo naimhde!
Tá mórán daoine ag éirí amach i m’éadan!

2         Is iomaí duine a deir mar gheall orm:
“Níl slánú ar bith duit i nDia.”

3         Ach is tú, a Thiarna, mo sciath;
mo ghlóir a thógann mo cheann.

4         Nuair a ghlaoim ar an Tiarna os ard
tugann sé freagra orm óna shliabh naofa.

5         Chuaigh mé a luí agus chodail mé;
agus dhúisigh mé toisc gur chosain an Tiarna mé.

6         Ní eagal liom na mílte daoine
atá cruinnithe do gach leith i mo thimpeall.

7         Éirigh, a Thiarna! Fóir orm, a Dhia!
Óir buaileann tú mo naimhde uile sa phus
agus briseann tú fiacla na bpeacach.

8         A Thiarna an tslánaithe,
beannaigh do mhuintir!

Salm 4

1         Éist liom is mé ag éamh ort, a Dhia na fíréantachta.
D’fhuascail tú mé ó mo phianpháis, éist liom go trócaireach.

2         A phobail, cá fhad dom faoi mhíchlú agus náire,
agus sibhse ag tabhairt taitnimh don bhaois is don éitheach?

3         Is é an Tiarna a roghnaíonn dó féin an duine diaga:
éistfidh an Tiarna nuair a ghlaofaidh mé air.

4         Bíodh eagla oraibh; ná peacaigí,
déanaigí machnamh in bhur leaba.

5         Déanaigí íobairtí córa,
bíodh bhur ndóchas sa Tiarna agaibh.

6         Is iomaí duine á rá: “Cé a nochtfaidh nithe fónta dúinn?
Ardaigh solas do ghnúise os ár gcionn, a Thiarna.”

7         Is mó a chuir tusa d’aoibhneas i mo chroí
ná iad siúd de bharr flúirse aráin agus fíona.

8         Rachad a luí faoi shuaimhneas: déanfad codladh go sámh,
óir is tú amháin, a Thiarna, a choimeádann ó bhaol mé.

Salm 5

1         Tabhair cluas do mo bhriathar, a Thiarna,
agus éist le m’osna.

2         Claon chun glór mo ghuí,
a Rí liom is a Dhia!

3         Óir is chugatsa a chuirim m’urnaí, a Thiarna;
éisteann tú liom ar maidin.
Ag faire is ag feitheamh dom ar maidin,
cuirim chugat mo ghuí.

4         Ní Dia tú lenarb áil an urchóid:
ní mhaireann an t-olc leat.

5         Ní sheasfaidh an scaothaire an fód
os comhair do shúl.

6         Is gráin leat lucht oibrithe an oilc;
scriosann tú lucht éithigh.
Is fuath leis an Tiarna an duine fuilteach
agus an cealgaire claon.

7         Rachadsa cheana i do theachsa
trí líonmhaire do thrócaire;
cromfaidh mé i do theampall naofa
le heagla romhat, a Thiarna.

8         Treoraigh mé a Thiarna, i d’fhíréantacht
mar gheall ar mo naimhde;
réitigh do shlí romham.

9         Níl an fhírinne le fáil ina mbéal;
tá cealg ina gcroí.
Is uaigh ar leathadh a gcraos;
is mealltach a dteanga.

10       Agair do bhreithiúnas orthu, a Thiarna;
go dteipe ar a mbearta;
cuir an ruaig orthu de dheasca a gcionta
óir d’éirigh siad i d’éadan.

11       Bíodh áthas ar chách a ritheann chugat;
gairdídís go brách;
caomhnaigh an dream lenarb áil d’ainm
chun go ndéana siad gairdeas ionat.

12       Óir beannóidh tú na fíréin, a Thiarna;
beidh do chineáltas amhail sciath ina dtimpeall.

Salm 6

1         A Thiarna, ná lochtaigh mé i d’fhearg
agus ná cuir pionós orm is tú ar buile chugam.

2         Déan trócaire orm, a Thiarna, óir is lagbhríoch mé;
slánaigh mé, óir tá mo chorp á chiapadh,

3         agus tá m’anam á chéasadh go géar,
ach tusa, a Thiarna, — cá fhad?

4         Fill, a Thiarna, fuascail m’anam
agus saor mé as ucht do bhuanghrá.

5         Óir níl cuimhne ag aon neach ort i measc na marbh;
cé a thabharfaidh moladh duit san uaigh?

6         Tá tuirse orm de dheasca m’osnaíola,
ním mo leaba le mo dheora gach oíche;
fliuchaim mo tholg le huisce mo chinn.

7         Tá mo shúil á snoí le dobrón:
chuaigh sí in aois de dheasca mo naimhde go léir.

8         Imígí uaim a lucht déanta na hurchóide,
óir tá éiste ag an Tiarna le glór mo ghoil.

9         Thug an Tiarna aird ar m’achainí;
tá glactha ag an Tiarna le mo ghuí.

10       Beidh náire is mórbhuaireamh ar mo naimhde uile.
Cuirfear ar gcúl go tobann faoi náire iad.

Salm 7

1         A Thiarna, a Dhia liom, is tú mo dhídean;
saor mé ar mo ghéarleantóirí agus fuascail mé,

2         sula mbeiridís ar m’anam mar leon,
do mo sciobadh leo gan lucht mo tharrthála ann.

3         A Thiarna Dia, má rinne mé an ní seo,
má rinne mé urchóid le mo lámha,

4         má thug mé an t-olc in aghaidh na maitheasa do mo chara,
má chreach mé mo naimhde gan chúis –

5         go leana mo naimhde mé is go mbeire siad orm,
go ngabha siad de chosa i m’anam,
is go leaga siad m’oineach sa luaithreach.

6         Éirigh, a Thiarna, le corp feirge:
éirigh in aghaidh buile mo naimhde a Dhia liom,
dúisigh, ó d’fhógair tú breithiúnas.

7         Tagadh comhthionól na gciníocha i do thimpeall:
bí i do shuí os a gcionn in airde.

8         Is é an Tiarna breitheamh na gciníocha.
Tabhair breith orm, a Thiarna, de réir m’fhíréantachta
agus de réir an ionracais atá ionam.

9         Cuir deireadh le hurchóid na n-éagráifeach
agus daingnigh na fíréin;
os tú a thriaileann croí agus áranna,
a Dhia na fíréantachta.

10       Is é Dia mo sciath is mo dhídean
a shaorann lucht an chroí dhírigh.

11       Breitheamh ceart cóir é Dia,
Dia a smachtaíonn in aghaidh an lae.

12       Mura leasaíonn siad, cuirfidh sé faobhar ar a chlaíomh;
teannfaidh sé agus díreoidh sé a bhogha;

13       tá uirlisí marfacha gléasta aige
agus saigheada mar chaora tine.

14       Bhí na hurchóidigh torrach ar an olc
ghabh siad an mhioscais agus shaolaigh an feall.

15       D’oscail siad clais agus thochail í
ach thit siad sa pholl a rinne siad.

16       Fillfidh a mioscais ar a mbaithis féin:
ar a gceann féin a fhillfidh a bhfeall.

17       Molfaidh mé an Tiarna as ucht a fhíréantachta:
ceolfaidh mé don Tiarna, an Neach is Airde.

Salm 8

1         A Thiarna, ár dTiarna, nach éachtach é
d’ainm ar fud na cruinne!
Moltar do mhaorgacht os cionn na spéartha
as béal naíonán agus leanaí cíche.

2         Bhunaigh tú daingean in aghaidh d’eascairde
d’fhonn naimhde agus ceannaircigh a chloí.

3         Nuair a fheicim na spéartha, saothar do mhéar –
an ré agus na réaltaí a rinne tú –

4         cad is daoine ann go dtógfá ceann díobh?
ná neacha daonna go ndéanfá cúram dóibh?

5         Rinne tú beagán níos lú ná Dia iad
gur chuir tú barr glóire agus gradaim orthu.

6         Thug tú ceannas ar oibreacha do lámh dóibh
agus chuir tú gach aon ní faoina gcosa,

7         idir chaoirigh agus eallaí agus eile
agus ainmhithe uile an mhachaire,

8         éanlaith an aeir agus iasc na mara
agus a ngluaiseann ar raonta na farraige.

9         A Thiarna, ár dTiarna, nach éachtach é
d’ainm ar fud na cruinne!

Salm 9

1         Béarfaidh mé buíochas duit, a Thiarna, ó mo chroí, go hiomlán,
inseoidh mé do mhóréachtaí go léir.

2         Déanfaidh mé lúcháir agus gairdeas ionat,
canfaidh mé Salm do d’ainm, a Neach is Airde,

3         toisc gur cuireadh mo naimhde ar gcúl;
thuisligh siad agus cailleadh iad i d’fhianaise.

4         Óir phléigh tú mo chúis go cothrom,
i do shuí duit ar an mbinse i do bhreitheamh cóir.

5         Lochtaigh tú na ciníocha, dhamnaigh tú na héagráifigh;
scrios tú a n-ainm go brách na breithe.

6         Tá na naimhde arna gcloí, arna milleadh go deo;
leag tú a gcathracha ar lár; chuaigh a gcuimhne ar ceal.

7         Tá an Tiarna faoi réim go brách;
shocraigh sé a chathaoir a thabhairt breithiúnas.

8         Tugann sé breith ar an gcruinne go cóir,
agus ceart do na ciníocha go cothrom.

9         Tá an Tiarna ina dhaingean dá mbíonn faoi chois,
ina dhaingean in am na hiaróige;

10       Cuireann do lucht aitheantais a ndóchas ionat
óir ní thréigeann tú do lucht iarrtha, a Thiarna.

11       Canaigí don Tiarna a bhfuil cónaí air i Síón:
foilsígí a éachtaí do na náisiúin;

12       Óir chuimhnigh an díoltas fola orthu,
ní dhearna dearmad ar éamh na mbocht.

13       Déan trócaire orm, a Thiarna; féach a bhfulaingím;
d’ardaigh tú ó dhoirse an bháis mé,

14       d’fhonn go bhfoilsí mé do mholtaí go léir
ag doirse iníne Síón
agus go ndéana mé lúcháir i do shlánú.

15       Tá na ciníocha slogtha síos sa chlais a rinneadar féin:
sa líon a d’fholaigh siad féin a gabhadh a gcosa.

16       Nocht an Tiarna é féin ina bhreitheamh cóir:
tá beirthe ar na héagráifigh ina mbearta féin.

17       Rachaidh na peacaigh ar ais go Seól –
na náisiúin uile a rinne dearmad de Dhia.

18       Óir ní dhéanfar dearmad de lucht an ghátair i gcónaí;
ní go deo a rachaidh dóchas na mbocht in éag.

19       Éirigh, a Thiarna! ná lig an bua leis an duine:
tugtar breith ar na ciníocha i d’fhianaise.

20       Scanraigh an croí iontu, a Thiarna;
bíodh a fhios acu nach bhfuil iontu ach daoine.

Salm 10

1         Cén fáth a gcoinníonn tú amach uainn, a Thiarna?
Cén fáth a ngabhann tú i bhfolach in am an bhuairimh?

2         Téann na héagráifigh ar thóir lucht na hainnise go díomasach
agus ceaptar iad siúd sna bearta a bheartaigh siad.

3         Óir maíonn na héagráifigh as mianta a gcroí:
déanann an santach diamhasla agus diúltaíonn don Tiarna.

4         Deireann na drochdhaoine le díomas: “Ní dhéanfaidh sé díoltas.”
Deir siad ina n-intinn: “Níl Dia ar bith ann!”

5         Éiríonn an bóthar leo i gcónaí
agus is fada óna n-aigne do bhreitheanna.
Is beag acu a naimhde uile.

6         Deir siad ina gcroí: “Ní chorrófar sinn:
Ní bhainfidh míshéan dúinn go brách.”

7         Bíonn a mbéal lomlán de mhallachtaí
agus fós de chealg is de bhréaga:
bíonn urchóid is mioscais faoina dteanga.

8         Téann siad in oirchill i bhfogas na mionbhailte:
dúnmharaíonn siad an neamhchiontach ina n-ionad folaigh.
Bíonn a súile ag faire an bhochtáin gan taca.

9         Fanann siad faoi cheilt ar nós leoin ina uachais,
fanann siad i bhfolach chun breith ar lucht na hainnise:
beireann siad ar an ainniseoir agus tugann ina líon é.

10       Cromann siad chun léim a thabhairt
agus titeann an t-anbhann le treise a lámh.

11       Deir siad ina gcroí: “Ní cuimhin le Dia;
folaíonn sé a aghaidh, ní fheiceann dada.”

12       Éirigh, a Thiarna! Tóg do lámh, a Dhia!
agus ná déan dearmad ar lucht na hainnise.

13       Cad chuige do na choirpigh drochmheas a chaitheamh le Dia,
á rá ina gcroí: “Ní imreoidh sé díoltas”?

14       Feiceann tusa an trioblóid is an buaireamh
ionas go bhféadfá cúram a dhéanamh díobh.
Is ortsa atá a sheasamh ag an ainniseoir,
is tú a thugann cúnamh don dílleachta.

15       Déan cumhacht na n-éagráifeach agus na hurchóideach a bhriseadh,
agair a n-urchóid orthu go ndéanfar a milleadh.

16       Is é an Tiarna is rí go brách na breithe;
rachaidh na ciníocha ar ceal as a fhearann.

17       Éistfidh tú, a Thiarna, le mianta na mbocht;
daingneoidh tú a gcroí agus tabharfaidh tú cluas dóibh,

18       a sheasamh ceart na ndílleachtaí is an dream a d’fhulaing éigean
ionas nach mbeadh na saoltánaigh ina gcúis sceimhle dóibh feasta.

Salm 11

1         Leis an Tiarna a fuair mé dídean;
cén chaoi a déarfaidh sibh le m’anam:
“Eitil, amhail éan, chun an tsléibhe.”

2         Féach na peacaigh ag teannadh an bhogha;
táid ag gléasadh a saighead ar an tsreang,
á gcaitheamh leis an bhfíréan sa dorchacht.

3         Ón uair a scriostar na fothaí
cad is féidir leis an bhfíréan a dhéanamh.

4         Tá an Tiarna ina theampall naofa,
ar neamh atá a chathaoir ríoga.
Breathnaíonn a shúile na hísle;
tástálann siad clann na ndaoine.

5         Féachann an Tiarna an fíréan is an t-ainfhíréan,
is fuath leis lucht an fhoréigin.

6         Fearfaidh sé tine agus ruibh ar na peacaigh:
gaoth fheannaideach loiscneach atá i ndán dóibh.

7         Is geal leis an Tiarna an fhíréantacht:
agus feicfidh na fíréin a aghaidh.

Salm 12

1         Fóir orm, a Thiarna, óir níl fíréan le fáil,
tá an fhírinne ar iarraidh i measc na hÁdhamhchlainne.

2         Insíonn siad bréaga dá chéile
le beola bladair is le croí calaoiseach.

3         Go dteasca an Tiarna gach aon bhéal bréagach,
gach teanga a bhíonn ag maíomh go sotalach díomasach;

4         gach dream a deir: “Inár dteanga atá ár neart,
linn féin ár mbéal, cé a dhéanfaidh ár smachtú?”

5         “Toisc dearóile na ndealbh agus osnaíl na mbocht
éireoidh mé féin anois,” arsa an Tiarna.
“Tabharfaidh mé dóibh an slánú is mian leo.”

6         Briathra glana iad briathra an Tiarna
airgead athleáite a scar le slaidhreadh,
airgead a triaileadh is a glanadh faoi sheacht.

7         Is tú a Thiarna, a dhéanfaidh cúram dínn:
déanfaidh tú ár gcosaint ar an nglúin seo go brách.
Tá triall na n-éagráifeach inár dtimpeall do gach leith
agus daoscar na ndaoine faoi mheas ag clann Ádhaimh.

Salm 13

1         Cá fhad, a Thiarna, a fhágfaidh tú i ndíchuimhne mé?
Cá fhad a choinneoidh tú d’aghaidh i bhfolach orm?

2         Cá fhad a mhairfidh m’anam á bhuaireamh
agus cathú i mo chroí i gcaitheamh an lae?
Cá fhad a choimeádfaidh mo namhaid faoina réir mé?

3         Féach orm agus freagair mé a Thiarna, a Dhia liom.
Soilsigh mo shúile sula dtitfidh codladh an bháis orm,

4         sula ndéarfaidh mo naimhde go bhfuair siad an bua orm,
sula ndéanfaidh m’eascairde lúcháir toisc gur thit mé.

5         Chuir mise mo dhóchas i do bhuanghrá daingean,
beidh áthas ar mo chroí de bharr do shlánaithe,
agus molfaidh mé an Tiarna, mar go raibh sé fial liom.

Salm 14

1         Deir na hamadáin ina gcroí: “Níl aon Dia ann.”
Tá siad truaillithe: déanann siad gníomhartha gránna;
níl aon duine maith ann.

2         Breathnaíonn an Tiarna ó neamh ar chlann na ndaoine
go bhfeice sé an bhfuil tuiscint ag aon duine nó an iarrfaidh siad Dia.

3         Chuaigh siad uile ar seachrán; truaillíodh iad uile,
níl neach ann a dhéanann an mhaith:
níl oiread is duine.

4         An ea nach bhfuil ciall ag lucht an oilc?
Slogann siad mo phobal go díreach mar a shlogfaí arán.
Níor ghlaoigh siad ar an Tiarna.

5         Beidh an dream sin ar crith le heagla,
óir tá Dia leis an bhfíréan.

6         Ba mhian libh dóchas na mbochtán a mhilleadh,
ach is é an Tiarna a ndídean.

7         Á, go dtaga slánú Iosrael as Síón amach!
Nuair a chasfaidh an Tiarna an rath ar a phobal,
beidh áthas ar Iacób agus gairdeas ar Iosrael.

Salm 15

1         A Thiarna, cé dhéanfaidh cónaí i do bhoth?
Cé lonnóidh ar do shliabh naofa?

2         Iad sin a shiúlann gan cháim;
iad sin a dhéanann fíréantacht
agus a labhraíonn go díreach óna gcroí;

3         iad sin nach ndéanann tromaíocht lena dteanga;
iad sin nach ndéanann olc dá gcomharsa
is nach dtugann masla don duine thall;

4         iad sin ar beag acu an drochdhuine
agus ar mór acu lucht eagla an Tiarna;
iad sin nach ngabhann siar ar a mbriathar
bíodh gur mhionnaigh chun a ndochair féin;

5         nach gcuireann a gcuid airgid ar úsaireacht,
agus nach nglacann le breab in aghaidh an neamhchiontaigh.
Iad sin a dhéanfaidh amhlaidh
ní bhainfear dá dtreoir iad go brách.

Salm 16

1         Caomhnaigh mé a Thiarna,
is ort a thriallaim.

2         Deirim leis an Tiarna: “Is tú mo Dhia.
Níl maith ar bith agam cés moite díotsa.”

3         Chuir sé grá as cuimse ag borradh i mo chroí
do na daoine dílse a mhaireann ina thír.

4         An dream ar rogha leo a mhalairt de Dhia
tiocfaidh tuilleadh mór fós de bhuartha anuas orthu.
Ní thoirbhreoidh mé fuil a ndeochíobairt ar aon chor
ná ní chluinfear a n-ainmneacha go brách ar mo bheola.

5         Is é an Tiarna is rogha liom, mo chuid de réir oidhreachta;
agus cuid mo chupáin; is ort atá mo sheasamh.

6         Thit na téada tomhais dom in áiteanna áille:
is aoibhinn liom go dearfa an oidhreacht a fuair mé.

7         Tugaim buíochas don Tiarna as ucht comhairle a thabhairt dom,
agus teagasc a thabhairt do mo chroí san oíche.

8         Coimeádaim an Tiarna de shíor i m’intinn:
agus é ar mo dheasláimh ní chorrófar mé choíche.

9         Tá gairdeas ar mo chroí agus áthas ar m’anam;
agus ligfidh mo cholainn a scíth faoi dhóchas.

10       Óir ní fhágfaidh tú m’anam i measc na marbh
ná ní ligfidh tú do do mhuirneach truailliú a fheiceáil.

11       Taispeánfaidh tú slí na beatha dom;
tá lúcháir go fial i do láthair
agus aoibhneas ar do dheasláimh go brách.

Salm 17

1         Éist le cúis chóir, a Thiarna;
tabhair aird ar mo ghlór;
tabhair cluas do m’urnaí nach dtagann as béal bréagach.

2         Gurab uaitse a gheobhaidh mé breithiúnas;
feiceann tusa an fhírinne.

3         Cuardaigh mo chroí, tabhair cuairt orm san oíche,
déan mo thástáil le tine agus ní bhfaighidh tú coir ionam.

4         Níor pheacaigh mo bhéal de réir nós an duine;
sheachain mé an foréigean de réir bhriathra do bhéil.

5         Ghreamaigh mo chéimeanna go daingean de do shlite,
ní dheachaigh mo chosa ar fán ná ar fuaidreamh.

6         Gairim ort, a Dhia, agus tabharfaidh tú freagra orm:
claon do chluas agus éist le mo bhriathar.

7         Taispeáin dom do bhuanghrá ró-iontach, a Thiarna,
a shaorann a dtriallann ort le neart do dheasláimhe.

8         Déan mo chosaint mar mhac imreasan do shúile;
folaigh mé faoi scáth do sciathán
ar na peacaigh a imríonn éigean orm.

9         Tá mo naimhde i mo thimpeall go feargach fraochta;
a ndúrchroí dunta,
a mbéal ag déanamh mórtais.

10       Éiríonn siad i m’éadan, bailíonn siad i mo thimpeall,
táid ag faire na faille d’fhonn mé a leagan ar lántalamh.

11       Is cosúil iad le leoin ar thóir a gcreiche,
le coileáin leoin i bhfolach sa dorchacht.

12       Éirigh ina n-aghaidh, á dtreascairt, a Thiarna;
saor m’anam ón éagráifeach le faobhar do chlaímh.

13       Go saora do lámh mé, a Thiarna, ó dhaoine
a bhfuil mian a gcroí i nithe an tsaoil seo.
Líonann tú a mbolg as do líonmhaireacht
go mbíonn díol a sáithe ag a gclann,
agus go bhfágann siad fuíoll ag a leanaí.

14       Feicfidh mise, áfach, d’aghaidh i bhfíréantacht,
agus ag dúiseacht dom sásófar mé le radharc do ghnúise.

Salm 18

1         Mó ghrá thú, a Thiarna, mo neart thú,
mo charraig thú, mo dhaingean is mo shlánaitheoir.

2         Mo Dhia thú, mo charraig is dídean dom,
mo sciath, adharc mo shlánaithe, mo dhún.

3         Glaoim ar an Tiarna dár dleacht moladh,
agus déantar mo shaoradh ó mo naimhde.

4         Tháinig tonnta an bháis i mo thimpeall
agus scanraigh tuilte na hurchóide mé.

5         Chrioslaigh cuibhreacha Sheól mé,
chuaigh mé in achrann i líonta an éaga.

6         Scairt mé ar an Tiarna i mo ghátar,
agus d’iarr mé cúnamh ar mo Dhia
Chuala sé mo ghlór ina theampall,
agus ráinig mo ghlao a chluasa.

7         Chrith an talamh agus suaitheadh é
agus corraíodh fothaí na sléibhte
toisc go raibh sé ar lasadh le barr feirge.

8         D’éirigh deatach as polláirí a shróine,
agus tine dheargloiscneach as a bhéal,
ionas gur adhnadh leis sméaróidí dearga.

9         D’ísligh sé na spéartha agus thuirling sé,
agus néal dubh dorcha faoina chosa.

10       Tháinig sé ag marcaíocht ar cheiribín
agus é ag eitilt ar eiteoga na gaoithe.

11       Chuir sé uime an dorchacht mar éadach,
uiscí dorcha is dlúthnéalta ba phuball dó.

12       As an ngile agus na néalta a bhí uime
tháinig clocha sneachta agus splancacha tine.

13       Bhí an Tiarna ag déanamh toirní sna spéartha,
agus thug an Té is Airde a ghlór uaidh.

14       Scaoil sé a shaigheada agus scaip iad,
agus chaith a chaora tine gur threascair iad.

15       Bhí foinsí na farraige le feiceáil
agus nochtadh fothaí na cruinne
de thoradh do bhagartha, a Thiarna,
de thoradh sí gaoithe do chuid feirge.

16       Shín sé anuas agus rug orm,
agus tharraing as na tuilte móra mé.

17       Shaor sé mé ón namhaid a bhí róláidir dom
ó lucht m’fhuatha ba threise ná mé.

18       D’ionsaíodar mé lá mo thubaiste,
ach tharla an Tiarna ina thaca dom.

19       Sheol sé amach in áit fhairsing mé,
do mo tharrtháil as ucht a ghrá dom.

20       Chúitigh an Tiarna m’fhíréantacht liom;
thug luach saothair dom de réir ghlaine mo lámh,

21       toisc gur choinnigh mé slite an Tiarna
is nár imigh mé uaidh ar seachrán.

22       Bhí a bhreithiúnais go léir os mo choinne,
is níor chuir mé a reachtanna i leataobh uaim.

23       Ach mhair mé gan cháim ina láthair,
agus choimeádas mé féin ón gcoirpeacht.

24       Agus chúitigh an Tiarna m’fhíréantacht liom
de réir ghlaine mo lámh ina láthair.

25       Is dílis tú don duine dílis,
is ionraic tú leis an duine ionraic.

26       Is glan tú le lucht na glaine,
agus glic le lucht an ghlicis.

27       Óir saorfaidh tú lucht na huirísle
ach umhlóidh tú lucht an díomais.

28       Is tusa, a Thiarna, mo lóchrann,
mo Dhia thú, a shoilsíonn mo dhorchacht.

29       Is tríotsa a bhearnaím na sluaite;
le cabhair Dé a ghabhaim de léim thar balla.

30       Tá slí Dé gan mháchail,
tá briathar an Tiarna arna phromhadh.
Is é is sciath go dearfa
do chách a thriallann chuige.

31       Óir cé eile is Dia ann ach an Tiarna?
Cé eile is carraig ann seachas ár nDia?

32       An Dia a chrioslaigh mé le calmacht
agus a rinne mo bhealach sábháilte;

33       a thug luas na heilite do mo chosa
agus a chuir i mo sheasamh go daingean ar na harda mé.

34       D’oil sé mo lámh chun cogaidh
is mo chuisle chun bogha práis a theannadh.

35       Thug tú dom sciath do shlánaithe
agus choinnigh do dheaslámh go daingean mé.

36       Réitigh tú an tslí do mo chéimeanna,
ionas nár shleamhnaigh mo chosa.

37       Chuaigh mé sa tóir ar mo naimhde: tháinig mé suas leo,
agus níor chas mé go ndearna mé a scriosadh.

38       Rinne mé a mbualadh ionas nach bhféadfaidís éirí
agus thit siad ar lár faoi mo chosa.

39       Chrioslaigh tú le neart mé chun catha,
agus threascair tú an dream a bhí i m’éadan.

40       Chuir tú ruaig is raon maidhme ar mo naimhde
agus mhill tú an drong a thug fuath dom.

41       Scairt siad – ní raibh lucht a dtarrthála ann:
bhí sé fuar acu glaoch ar an Tiarna.

42       Ar nós na luaithe roimh an ngaoth a mheil mé iad,
á gcosaráil amhail salachar na sráide.

43       Tharrthaigh tú mé ó choimhlintí an phobail
agus chuir tú os cionn na náisiún mé;
rinne pobal nárbh eol dom fónamh dom,
an túisce ba chlos dóibh ghéill siad.

44       Tháinig na heachtrannaigh ag lútáil liom,
mheathlaigh na náisiúin iasachta:
tháinig siad as a ndaingne go critheaglach.

45       Go maire an Tiarna! Gura beannaithe mo charraig!
Go raibh Dia mo shlánaitheoir á mhóradh;

46       an Dia a bhain díoltas amach dom
agus a chuir na ciníocha faoi mo smacht,

47       a rinne mo shaoradh ó mo naimhde
agus a d’ardaigh mé os cionn m’eascairde,
agus a sciob mé ó lucht an éigin.

48       Ar an ábhar sin tabharfaidh mé moladh duit
i measc na náisiún, a Thiarna:
agus canfaidh mé Salm do d’ainm;

49       óir thug tú cathréimeanna do do rí,
agus nocht tú do ghrá do d’ungthach,
do Dháiví agus dá shliocht go brách.

Salm 19

1         Fógraíonn na spéartha glóir Dé
agus foilsíonn an fhirmimint saothar a lámh.

2         Insíonn na laethanta an scéal dá chéile
agus tugann na hoícheannta an t-eolas dá chéile.

3         Ní chluintear caint ná canúint ná briathar
cé go ngabhann a nglór i ngach uile thír
agus a bhfocail go críocha imchiana na cruinne.

4         Is iontu a chuir sé a bhoth don ghrian
a thagann mar nuachar amach as a sheomra
ag gairdiú mar ghaiscíoch ag cur chun reatha.

5         Tá a thriall amach as teorainn na spéire
agus a iomchuairt thart chun na teorann eile,
agus níl dul óna theas ag aon ní ar bith.

6         Tá dlí an Tiarna gan cháim:
athbheonn sé an t-anam.
Is iontaofa í fianaise an Tiarna,
a thugann eagna don fhíréan.

7         Is díreach iad forálacha an Tiarna:
cuirid áthas ar an gcroí;
is glan í aithne an Tiarna, soilsíonn sí na súile.

8         Is íon í eagla an Tiarna,
maireann sí go deo;
is fíor iad reachtanna an Tiarna,
táid uile go cóir.

9         Is mó is so-mhianaithe iad ná ór,
ná mínór dá ghlaine;
agus is milse iad ná mil,
ná mil ar sileadh ón gcíor.

10       Múineann siad eolas do do ghiolla;
is cúis luaíochta a gcomhlíonadh.

11       Cé hiad a fhéadfaidh a n-earráidí a aithint?
ná leag orm mo pheacaí folaigh.

12       Caomhnaigh do ghiolla ar an uabhar
sula bhfaighe sé mo bhua;
Ansin is ea a bheidh mé gan smál
agus saor ó thrompheaca.

13       Go raibh briathra uile mo bhéil
agus smaointe mo chroí
taitneamhach leatsa, a Thiarna,
a charraig liom, is a shlánaitheoir.

Salm 20

1         Go n-éiste an Tiarna leat lá an bhuairimh:
go gcumhdaí ainm Dia Iacóib thú!

2         Go gcuire sé cúnamh chugat ón sanctóir
agus go dtuga sé taca duit as Síón.

3         Go mba cuimhin leis d’ofrálacha go léir:
go mba taitneamhach leis d’íobairtí uileloiscthe.

4         Go dtuga sé mianta do chroí duit,
go gcomhlíona sé do bhearta go léir.

5         Go ndéanaimid lúcháir as ucht do bhua,
agus gairdeas in ainm ár nDé.
Go ndeonaí an Tiarna d’achainíocha go léir duit.

6         Is deimhin liom anois go bhfuil an bua
tugtha ag an Tiarna dá ungthach;
go bhfreagróidh sé óna fhlaitheas naofa
le gníomhartha is le cumhacht a dheasláimhe.

7         Bíonn dóchas droinge i gcarbaid
agus dóchas droinge eile in eachra;
cuirimidne, áfach, ár ndóchas
in ainm an Tiarna, ár nDia.

8         Treascrófar iad siúd agus titfidh siad;
seasfaimidne an fód go daingean.

9         Tabhair an bua don rí, a Thiarna,
agus éist linn nuair a ghlaoimid ort.

Salm 21

1         Gairdíonn an rí as do chumhacht, a Thiarna,
cá hionadh lúcháir air de chionn do chúnaimh!

2         Thug tú mian a chroí go deimhin dó,
is níor eitigh tú air achainíocha a bhéil.

3         Tháinig tú ina airicis le beannachtaí búidhe,
agus chuir tú coróin de ghlanór ar a cheann.

4         D’iarr sé an bheatha ort agus bhronn tú fadsaol air
a mhairfidh go brách ó aois go haois.

5         Is mór é a ghradam de bharr do chúnaimh.
Bronnann tú maorgacht agus maise rómhór air.

6         Rinne tú ábhar beannachta go brách de;
cuireann do láithreacht ríméad is lúcháir air.

7         Tá dóchas an rí go daingean sa Tiarna:
toisc bhuanghrá an Té is Airde ní dhéanfar a bhogadh.

8         Béarfaidh do lámh ar d’eascairde go léir:
béarfaidh do dheaslámh ar an dream a thugann fuath duit.

9         Loiscfidh tú iad mar a dhéanfá i mbruithneach thine
an uair a thaibhseoidh do ghnúis.
Scriosfaidh an Tiarna ina dhíbheirg iad,
agus déanfaidh an tine a slogadh.

10       Scriosfaidh tú a sliocht den talamh
agus a gclann as líon na ndaoine.

11       Bíodh go mbeartóidís an t-olc i do choinne
nó go gceapfaidís an chealg, ní éireoidh leo,

12       Óir cuirfidh tú an ruaig is an teitheadh orthu
agus teannfaidh tú do bhogha ina n-éadan.

13       Éirigh, a Thiarna, i do neart:
canfaimid agus ceiliúrfaimid do chumhacht.

Salm 22

1         A Dhia liom, a Dhia liom, cad chuige ar thréig tú mé?
Is fada tú ó m’achainí agus ó bhriathra mo chneadaí.

2         Ní éisteann tú, a Dhia, nuair a ghlaoim ort sa lá:
Nuair a screadaim ort san oíche ní bhfaighim aon suaimhneas.

3         Ar a shon sin, is naofa thú, a Thiarna,
agus tú i d’ábhar molta ag Iosrael.

4         Ionatsa a chuir ár n-aithreacha a ndóchas:
bhí muinín acu asat agus shaor tú iad.

5         Nuair a ghlaoigh siad ort sábháladh iad:
is ort a bhí a seasamh is níor chaill tú orthu.

6         Péist is ea mise; ní duine mé:
táim i mo sceith béil ag na daoine
agus i m’ábhar aithise ag an bpobal.

7         Gabhann a bhfeiceann mé ag fonóid fúm:
croitheann siad a gceann agus pus orthu:

8         “Bhí a mhuinín as an Tiarna go saorfaí é:
saoradh seisean é, más air atá a ghreann.”

9         Is tú a thug amach as an mbroinn mé
agus a thug dóchas dom is mé ar chíocha mo mháthar.

10       Ba leatsa mé ó lá mo bhreithe:
ó bhroinn mo mháthar is tú mo Dhia.

11       Ná bí i bhfad uaim in am mo bhuartha;
bí i m’aice, óir níl aon chabhair eile agam.

12       Is iomaí sin tarbh atá i mo thimpeall,
tá tréantairbh Bháiseán thart orm.

13       Leathann siad a gcraos i mo choinne
mar leon amplach agus é ag búiríl.

14       Doirtear amach mé mar uisce,
tá mo chnámha arna scaoileadh ó chéile.
Is cosúil mo chroí le céir
arna leá i lár mo chléibh.

15       Shearg mo scornach mar shlige cré-umha,
is tá mo theanga ag ceangal de mo charball:
leagann tú i luaithreach an bháis mé.

16       Tá mórán madraí i mo thimpeall
agus táim crioslaithe ag gasra bithiúnach.
Tollann siad mo lámha agus mo chosa;

17       féadaim mo chnámha go léir a chomhaireamh.
Baineann siad lán a súl asam go sásta.

18       Roinneann siad mo chuid éadaigh eatarthu
agus caitheann siad crainn ar mo chóta.

19       Ach ná bíse i bhfad uaim, a Thiarna;
mo chabhair thú! brostaigh chun mo chúnaimh.

20       Déan m’anam a fhuascailt ón gclaíomh
agus mo bheatha ó ghreim an mhadra.

21       Saor mé ó bhéal an leoin
agus m’anam bocht ó adharca na ndamh allta.

22       Fógróidh mé d’ainm do mo mhuintir,
molfaidh mé thú i lár do phobail.

23       Molaigí an Tiarna, a mhuintir lenarb eagal é:
tugaigí clú dó, a shliocht Iacóib go léir,
tugaigí urraim dó, a shíol Iosrael ar fad;

24       de bhrí nár bheag air na bochtáin
agus nár scorn leis riamh a n-ainnise.
Níor cheil sé riamh a ghnúis orthu
ach d’éist leo an uair a ghlaoigh siad air.

25       De do thairbhe-se a thugaim moladh sa mhórthionól;
comhlíonfaidh mé mo mhóideanna i láthair
an dreama ar a mbíonn a eagla.

26       Íosfaidh na bochtáin agus sásófar iad;
molfaidh lucht a iarrtha an Tiarna.
Go maire bhur gcroí go brách!

27       Cuimhneoidh gach aird de chríocha na cruinne,
cuimhneoidh an domhan uile agus casfaidh ar an Tiarna,
agus adharfaidh na ciníocha go léir ina fhianaise.

28       Is leis an Tiarna an ceannas:
rialaíonn sé na náisiúin

29       agus adharfaidh maithe móra an talaimh ina fhianaise:
cromfaidh ina láthair a ngabhann síos sa luaithreach.

30       Nuair nach beo don duine feasta beidh a shliocht ag fónamh dó
agus ag tabhairt tuairisc an Tiarna do ghlúin atá le teacht.

31       Foilseoidh siad a dhílse do phobal nár saolaíodh fós,
á chur i gcéill dóibh gurb eisean a rinne an ní seo.

Salm 23

1         Is é an Tiarna m’aoire:
ní bheidh aon ní de dhíth orm.

2         Cuireann sé féin i mo luí mé
i móinéar féir ghlais.

3         Seolann sé ar imeall uisce an tsóláis mé
mar a bhfaighim suaimhneas.
Seolann sé ar shlí na fíréantachta mé
mar gheall ar a ainm.

4         Fiú dá siúlfainn i ngleann an dorchadais,
níor bhaol liom an t-olc
agus tú faram le do shlat is do bhachall
chun sólás a thabhairt dom.

5         Cóiríonn tú bord chun béile dom
i láthair mo naimhde.
Ungann tú mo cheann le hola;
tá mo chupa ag cur thairis.

6         Leanfaidh cineáltas is buanghrá mé
gach lá de mo shaol;
i dteach an Tiarna a mhairfidh mé
go brách na breithe.

Salm 24

1         Leis an Tiarna an talamh agus a lánmhaire,
an domhan ar fad agus a maireann ann.

2         Is é féin a bhunaigh ar an aigéan é
agus a dhaingnigh ar an bhfarraige íochtarach é.

3         Cé hiad a rachaidh suas cnoc an Tiarna?
Cé hiad a bheidh ina seasamh ina ionad naofa?

4         An mhuintir a bhfuil lámh gan smál agus croí glan acu:
an mhuintir ar beag orthu nithe gan tairbhe
agus nach dtugann mionn éithigh dá gcomharsa.

5         Beidh beannacht an Tiarna ar an mhuintir sin
agus luach saothair ó Dhia, a slánaitheoir.

6         A leithéid sin a bhíonn á lorg:
a bhíonn ar thóir Dia Iacóib.

7         Ardaigí bhur lindéir, a gheataí,
agus tógtar na doirse cianaosta go dtaga Rí na glóire isteach!

8         Cé hé an Rí seo na glóire?
An Tiarna atá láidir, tréan;
an Tiarna atá tréan i gcogadh.

9         Ardaigí bhur lindéir, a gheataí,
agus tógtar na doirse cianaosta go dtaga Rí na glóire isteach!

10       Cé hé an Rí seo na glóire?
Is é an Tiarna é, Dia na slua, sin é Rí na glóire.

Salm 25

1         Is chugat a thógaim m’anam, a Thiarna:
Is ionat a chuirim mo dhóchas,

2         nár dhéantar mo náiriú, a Dhia;
ná maíodh mo naimhde a mbua orm.

3         Ní náireofar a gcuireann a ndóchas ionat
ach an dream a fheallann gan ábhar ar iontaoibh.

4         Taispeáin do shlite dom, a Thiarna,
agus déan do chosáin a mhúineadh dom.

5         Déan mo threorú i d’fhírinne, tabhair teagasc dom,
óir is tú mo Dhia agus mo shlánaitheoir.
Is ortsa a bhím ag feitheamh feadh an lae
mar gheall ar do chineáltas, a Thiarna.

6         Bí ag cuimhneamh, a Thiarna, ar do thrócaire
agus ar an ngrá a thaispeáin tú riamh.

7         Ná cuimhnigh ar chionta m’óige
ach amháin ar do bhuanghrá féin.

8         Is grásmhar agus is ionraic é an Tiarna,
taispeánann sé an tslí do na peacaigh.

9         Díríonn sé dream na huirísle san fhíréantacht
agus múineann a shlí don duine cneasta.

10       Buanghrá is dílse cosáin uile an Tiarna
dá gcomhlíonann a chonradh agus a aithne.

11       Ar mhaithe le d’ainmse, a Thiarna,
maith dom mo pheaca, óir is mór é.

12       Cé hiad na daoine lenarb eagal an Tiarna?
Déanfaidh sé eolas na slí is tofa dóibh.

13       Mairfidh a n-anam faoi shéan agus faoi shonas
agus gheobhaidh a sliocht an talamh.

14       Tá gean an Tiarna ar lucht a eaglaithe
agus is dóibh a fhoilsíonn sé a chonradh.

15       Bíonn mo shúile ar an Tiarna de shíor
óir scaoilfidh seisean mo chosa as an líon.

16       Iompaigh i leith orm le trócaire,
óir táimse i m’aonarán angarach.

17       Tabhair faoiseamh don chroí atá cráite
agus beir mé slán ón anacair.

18       Tabhair do d’aire mo bhrón is mo bhuairt
agus maith dom mo pheacaí go léir.

19       Féach a líonmhaire atá mo naimhde,
a bhfuil fuath thar fóir acu dom.

20       Déan m’anam a chosaint, agus fuascail mé;
nár náirítear mé toisc mo thriall a bheith ort.

21       Go gcumhdaí an neamhurchóid is an t-ionracas mé,
óir is ionat atá mo dhóchas, a Thiarna.
A Dhia, saor Iosrael ar a chúngaigh go léir!

Salm 26

1         Tabhair breithiúnas ar mo shon, a Thiarna,
óir shiúil mé ar shlí an ionracais,
agus bhí mo dhóchas sa Tiarna gan staonadh.

2         Déan mo phromhadh, a Thiarna, agus mo thástáil;
scrúdaigh m’áranna agus mo chroí;

3         Óir bíonn do bhuanghrá os comhair mo shúl,
agus bím ag siúl de réir d’fhírinne.

4         Ní bhím i bhfochair lucht éithigh
ná ní ghabhaim i gcomhluadar na gcluanairí.

5         Is gráin liom tionól na n-urchóideach,
agus ní shuím i bhfarradh na n-éagráifeach.

6         Ním mo lámha san ionracas, a Thiarna,
agus gabhaim mórthimpeall d’altóra.

7         Bíonn altú buíochais á chanadh agam,
agus d’éachtaí go léir á n-aithris agam.

8         Thug mé taitneamh, a Thiarna, do d’áras,
don áit a gcónaíonn do ghlóir.

9         Ná sciob mé chun siúil leis na peacaigh
ná m’anam le lucht doirte fola;

10       Is dream iad a mbíonn an urchóid ina lámha acu,
agus is lomlán a ndeaslámh de bhreabanna.

11       Ach caithimse mo shaol go hionraic:
fuascail mé agus nocht dom do thrócaire.

12       Tá mo chosa ina seasamh ar an réidh;
molfaidh mé an Tiarna sna tionóil.

Salm 27

1         Is é an Tiarna mo sholas is mo shlánú,
cé a chuirfidh eagla orm?
Is é an Tiarna daingean m’anama;
cé a chuirfidh ar crith mé?

2         Nuair a thugann lucht mallaithe fogha fúm
d’fhonn mo chlú a mhilleadh,
is iad m’eascairde a thiteann ar lár;
baintear tuisle as mo naimhde.

3         Má bhíonn arm in eagar catha i mo choinne
ní bheidh eagla ar mo chroí.
Fiú amháin má bhítear ag cur cogaidh orm
beidh dóchas agam ann.

4         Iarraim aon ní amháin ar an Tiarna;
bím ag tnúth leis de shíor:
go gcónóidh mé in áras an Tiarna
gach lá de mo shaol;

5         go bhfaighidh mé taitneamh in aoibhneas an Tiarna
agus go bhfeicfidh mé a theampall.

6         Óir cuirfidh sé i bhfolach ina bhoth mé
in am na buartha;
folóidh sé faoi dhídean a phailliúin mé,
ardóidh ar charraig mé.

7         Ardófar mo cheann ar ball
thar mo naimhde i mo thimpeall,

8         go n-ofrálfaidh mé ina bhothsan istigh íobairt an áthais.
Canfaidh mé agus ceolfaidh mé don Tiarna.

9         Éist, a Thiarna, le mo ghlór nuair a ghlaoim ort,
freagair, agus fóir orm.

10       Dúirt mo chroí i do thaobhsa:
“Bí ag lorg a ghnúise.”
Bím ag lorg do ghnúise, a Thiarna,

11       ná folaigh d’aghaidh orm.
Ná cuir do ghiolla uait i bhfeirg;
is tú mo chúnamh.
Ná teilg uait mé is ná tréig mé:
a Dhia mo shlánaithe!

12       Má thréigeann fiú m’athair is mo mháthair mé,
glacfaidh an Tiarna liom.

13       Tabhair eolas do shlí dom, a Thiarna,
cuir sa bhóthar réidh mé,
d’ainneoin mo naimhde;

14       agus ná tabhair suas mé a Dhia,
do thoil m’eascairde.
D’éirigh finnéithe falsa i m’éadan,
agus lucht an fhoréigin.

15       Creidim go bhfeicfidh mé maitheas an Tiarna
i dtír na mbeo.

16       Fan leis an Tiarna go meanmnach;
bíodh misneach i do chroí.
Cuir do dhóchas sa Tiarna.

Salm 28

1         Ortsa, a Thiarna, a screadaim,
éist liom, a charraig.
Mura n-éisteann tú beidh mé mar dhuine
a ghabhann síos san uaigh.

2         Éist le glór mo ghuí is mé ag éamh or
a iarraidh do chúnaimh,
agus mé ag tógáil mo lámh chugat, a Thiarna,
i dtreo do shanctóra naofa.

3         Ná sciob mé i bhfochair na bpeacach
i bhfarradh na n-urchóideach
a labhraíonn go cneasta lena gcomharsana
agus an t-olc ina gcroí.

4         Tabhair díolaíocht dóibh de réir a ngníomhartha
agus mioscais a n-ainbheart.
Tabhair luach saothair dóibh de réir obair a lámh:
déan an comhar a dhíol leo.

5         Óir is beag acu gníomhartha an Tiarna
agus saothar a lámh.
Go mille sé iad, is nár thóga sé arís iad.

6         Moladh leis an Tiarna toisc gur éist sé
le glór mo ghuí.

7         Is é an Tiarna mo neart agus mo sciath:
tá dóchas mo chroí ann.
Tugadh cabhair dom; gairdíonn mo chroí
agus canaim amhrán dó.

8         Is é an Tiarna neart a phobail,
is é dídean shábháilte a ungthaigh é.

9         Fóir ar do phobal, tabhair beannacht do d’oidhreacht,
á gcothú agus á n-iompar go brách.

Salm 29

1         Tugaigí don Tiarna, a chlann Dé,
tugaigí don Tiarna glóir agus cumhacht!

2         Tugaigí don Tiarna an ghlóir is díol dá ainm;
tugaigí adhradh don Tiarna in éide naofa.

3         Tá glór an Tiarna ar an uisce,
tá Dia na glóire ag toirneach,
tá an Tiarna os cionn na n-uiscí móra.

4         Tá glór an Tiarna go cumasach,
tá glór an Tiarna go maorga.

5         Briseann glór an Tiarna na céadrais,
briseann sé céadrais na Liobáine.

6         Cuireann sé an Liobáin ag léim ar nós gamhna
agus Sirión ar nós ógdhaimh allta.

7         Adhnann glór an Tiarna splancacha tine:
croitheann glór an Tiarna an fásach,
cuireann an Tiarna fásach Cháidéis ar crith.

8         Cuireann a ghlór na crainn darach ag luascadh,
agus fágann sé an choill gan duilliúr,
agus cluintear “Glóir!” ó gach aon neach ina theampall.

9         Tá an Tiarna ina rí os cionn na díleann.
Tá an Tiarna ina rí go brách.

10       Tabharfaidh an Tiarna neart dá phobal;
beannóidh sé a phobal le síocháin.

Salm 30

1         Molfaidh mé thú, a Thiarna, de bhrí gur shaor tú mé
agus nár lig tú do m’eascairde bheith ag maíomh orm le mórtas.

2         D’iarr mé cunamh ort, a Thiarna,
agus rinne tú mo leigheas, a Dhia.

3         Thug tú m’anam as an uaigh, a Thiarna,
shaor tú mé ón dream a ghabhann síos sa pholl.

4         A naomha an Tiarna, tugaigí moladh dó,
gabhaigí buíochas lena ainm naofa.

5         Ní mhaireann a fhearg ach móimint na huaire;
ach maireann a chineáltas ó aois go bás.
Bítear ag gol san oíche agus ag gáire ar maidin.

6         Is é a dúirt mé trí mhéid mo mhuiníne:
“Ní dhéanfar mo shuaitheadh go brách.”

7         Bhunaigh do ghrásta, a Thiarna, mar dhaingean sléibhe mé,
ach cheil tú do ghnúis orm gur fágadh faoi scéin mé.

8         Is ortsa, a Thiarna, a ghlaoigh mé, chun Dé a chuir mé m’achainí.
“Cén tairbhe mo bhás má ghabhaim sa pholl?

9         An molfaidh an deannach thú:
an bhfoilseoidh sé do dhílse?”

10       Éist, a Thiarna, go trócaireach;
tar, a Thiarna, i gcabhair orm.

11       Rinne tú rince de mo chaoineadh dom, a Thiarna;
bhain tú díom mo rónéadach agus chrioslaigh tú le háthas mé,

12       i dtreo go seinnfidh m’anam do mholtaí gan staonadh.
A Thiarna, a Dhia liom, molfaidh mé go brách thú.

Salm 31

1         Is chugat, a Thiarna, a thagaim ag lorg tearmainn;
nár dhéantar mo náiriú go brách.

2         Saor mé de réir d’fhíréantachta,
éist liom agus brostaigh chun m’fhuascailte!
Bí i do charraig choimirce dom:
i do dhaingean do mo chosaint is do mo tharrtháil.

3         Óir is tú mo charraig agus mo chaiseal;
seol mé agus treoraigh mé as ucht d’ainm.

4         Scaoil mé ón ngaiste a cuireadh i bhfearas romham,
óir is tú mo dhídean, a Thiarna.

5         Do do láimhse a thiomnaím m’anam,
óir is tú a cheannaigh mé a Thiarna.

6         A Dhia na fírinne, is fuath leat
lucht adhartha íol gan éifeacht,
ach cuirimse mo dhóchas sa Tiarna.

7         Déanfaidh mé áthas agus gairdeas faoi do bhuanghrá
óir chuir tú spéis i m’anacair
agus chuidigh tú le m’anam ina chúngaigh.

8         Níor thug tú suas do mo namhaid mé,
ach thug tú cead mo chos dom go fada fairsing.

9         Bíodh trócaire agat orm, a Thiarna, óir tá mé i gcúngach.
Tá mo shúil arna dubhadh le tuirse:
agus m’anam is mo chroí.

10       Tá mo bheatha á snoí le brón
agus mo bhlianta le hosnaíl.
Táim ar díth mo nirt le buaireamh;
tá mo chnámha á gcnaí.

11       Rinneadh ábhar aithise díom
do mo naimhde go léir.

12       Tugann mo chomharsana i dtáir is i dtarcaisne mé:
is cúis uamhain mé do mo chairde.
An dream a chastar sa tsráid orm,
teitheann siad uaim.

13       Is cosúil mé le marbhán a ndearnadh dearmad de,
nó le soitheach a briseadh.

14       Cluinim cogarnach á déanamh ag a lán,
agus imeagla i mo thimpeall.
Cograíonn siad lena chéile i m’aghaidh:
beartaíonn siad mo bhás.

15       Ach is ort atá mo sheasamh, a Thiarna,
deirim: “Is tú mo Dhia.”

16       Tá m’anam ag brath ort, saor mé
ón namhaid is ó chách ar mo thóir.

17       Taispeain do ghnúis ghrianmhar do do ghiolla;
tabhair slán mé i do ghrá.

18       Nár náirítear mé, a Thiarna, toisc go nglaoim ort;
go gcuirtear náire ar na hurchóidigh.
Go gcuirtear ina dtost san uaigh iad;

19       go mbalbhaítear a mbéal bréagach,
a bhíonn ag cáineadh an fhíréin go sotalach le teann uabhair is tarcaisne.

20       Nach lánmhar an mhaitheas atá i dtaisce agat
don dream lenarb eagal tú,
a thugann tú don mhuintir a thriallann ort
i bhfianaise na hÁdhamchlainne.

21       Folaíonn tú iad i do láthairse
ó chúlghearradh daoine.
Coimeádann tú slán i do bhoth iad
ó chlampar teangacha.

22       Moladh leis an Tiarna a nocht dom
móriontas a ghrá i gcathair dhaingean.

23       Dúirt mé tráth agus scaoll orm:
“Díbríodh as do radharc mé.”
Ach d’éist tú le glór mo ghuí
nuair a ghlaoigh mé ort.

24       Tugaigí grá don Tiarna, a naomha uile;
caomhnaíonn sé na dílsigh.
Ach díolann sé an comhar go hiomlán
le lucht an díomais.

25       Bígí láidir! bíodh misneach in bhur gcroí agaibh,
a dhaoine uile a bhfuil bhur ndóchas sa Tiarna.

Salm 32

1         Is méanar dár maitheadh a gcoir;
dár folaíodh a bpeaca;

2         an mhuintir nach gcuireann an Tiarna
cion ina leith,
agus nach bhfuil cealg ina gcroí.

3         Bhí mé i mo thost, agus chríon mo chnámha;
bhínn ag osnaíl gach lá,

4         Óir gach uile lá agus oíche
ba throm orm do lámh.
Go deimhin, bhí mo neart á thrá
mar a bheadh le teas an tsamhraidh.

5         Ach cheana, d’admhaíos mo pheaca duit
agus níor cheil mé m’urchóid.
Dúirt mé: “Admhóidh mé anois
mo choir don Tiarna.”

6         Agus thug tú maithiúnas dom ansin:
mhaith tú mo pheaca dom.

7         Guífidh gach neach diaga thú, dá bhrí sin,
in am an éigin.
Nuair a bhrúchtfaidh na tuilte móra
ní thiocfaidh siad i ngar dóibh.

8         Is tú m’áit fholaigh, a Thiarna,
do m’fhuascailt ó m’anacair;
cuireann tú gártha fuascailte thart timpeall orm.

9         Tabharfaidh mé teagasc agus múinfidh mé
an tslí is triallta duit.
Tabharfaidh mé comhairle agus eolas duit;
coimeádfaidh mé súil ort.

10       Ná bígí mar an each ná an mhiúil,
gan chiall gan tuiscint.
Mura gcoisctear le béalbhach agus srian iad
ní thiocfaidh siad i do chóngar.

11       Is líonmhar iad dóláis na n-éagráifeach,
ach tá trócaire agus grá
acu sin a mbíonn a ndóchas sa Tiarna.

12       Déanaigí lúcháir agus gairdeas sa Tiarna,
a fhíréana uile.
Déanaigí aoibhneas agus áthas
a lucht an chroí dhírigh.

Salm 33

1         Déanaigí gairdeas sa Tiarna, a fhíréana:
is cóir moladh a thabhairt do dhaoine ionraice.

2         Gabhaigí buíochas leis an Tiarna ar an gcruit;
déanaigí ceol dó ar an gcláirseach dheichthéadach.

3         Canaigí amhrán urnua dó;
canaigí go healaíonta is go hardghlórach dó.

4         Óir is dílis é briathar an Tiarna,
agus is fírinneach a oibreacha go léir.

5         Carann sé an chóir agus an ceart
agus líonann sé an talamh dá bhuanghrá.

6         Lena bhriathar a rinneadh na flaithis:
le hanáil a bhéil na realtaí go léir.

7         Cruinníonn sé tonnta na mara mar a bheadh i mbuidéal,
agus cuireann an duibheagán i dtaisce.

8         Bíodh eagla an Tiarna ar an domhan uile;
bíodh urraim ag a maireann ar talamh dó.

9         Labhair sé agus rinneadh gach aon ní.
D’ordaigh sé agus ráinig siad ann.

10       Cuireann sé comhairle na gciníocha ó rath
agus beartas na náisiún ar neamhní.

11       Maireann comhairle an Tiarna go brách
agus a smaointe ó aois go haois.

12       Is méanar don chine arb é an Tiarna a nDia:
an cine a roghnaigh sé mar oidhreacht dó féin.

13       Bíonn an Tiarna ag féachaint anuas ó neamh
agus breathnaíonn sé an Ádhamhchlann go léir.

14       Amharcann sé óna ionad cónaithe
ar gach aon neach dá maireann ar talamh –

15       an té a chum a gcroíthe go léir
agus a thugann a mbearta go léir dá aire.

16       Ní neart a shlua a thugann bua do rí;
ní le teann nirt a tharrthaítear an laoch.

17       Ní hé an t-each a bhéarfaidh an bua;
ní acmhainn dá neart neach ar bith a shaoradh.

18       Féachann an Tiarna ar an dream lenarb eagal é
agus a chuireann a ndóchas ina bhuanghrá,

19       chun a n-anam a shaoradh ón mbas
agus iad a bheathú le linn gorta.

20       Bíonn ár n-anam ag feitheamh leis an Tiarna;
is é siúd ar gcabhair agus ár sciath;

21       is ann a ghairdíonn ár gcroí,
is iontaoibh linn a ainm naofa.

22       Go dtaga do bhuanghrá orainn, a Thiarna,
de réir an dóchais a chuirimid ionat.

Salm 34

1         Beannóidh mé an Tiarna i dtólamh
beidh a mholadh i mo bhéal i gcónaí.

2         Bíonn m’anam ag déanamh mórtais as an Tiarna:
éistfidh daoine ísle agus beidh áthas orthu.

3         Móraigí an Tiarna mar aon liom:
tugaimis adhradh dá ainm in éineacht.

4         Bhí mé ag lorg an Tiarna agus d’éist sé liom
agus d’fhuascail sé ó m’eagla go léir mé.

5         Féachaigí chuige agus loinnir oraibh
agus na bíodh luisne na náire in bhur leicne.

6         Nuair a scairt an t-ainniseoir seo d’éist an Tiarna,
agus shaor sé óna chúngaigh go léir é.

7         Bíonn aingeal an Tiarna i gcampa
thart ar lucht a eaglaithe, á bhfuascailt.

8         Blaisigí is féachaigí a fheabhas atá an Tiarna:
is aoibhinn dá dtagann faoina dhídean.

9         A dhaoine naofa an Tiarna, bíodh a eagla oraibh;
ní bhíonn díth ar an dream lenarb eagal é.

10       Bíonn easpa agus ocras ar leoin óga:
ní bhíonn aon easpa ar lucht iarrtha an Tiarna.

11       Téanaigí, a chlann ó,
agus éistigí liom
go múinfidh mé eagla an Tiarna daoibh.

12       Cé hé an duine a shantaíonn an bheatha?
agus fad saoil faoi shéan is faoi shonas?

13       Coinnigh do theanga ón olc
agus do bhéal ó bhriathra éithigh.

14       Seachain an t-olc agus déan an mhaith;
bí ag lorg na síochána agus lean di.

15       Bíonn súile an Tiarna ar na fíréin
agus tugann sé aird ar a n-achainí.

16       Iompaíonn an Tiarna ó lucht déanta an oilc
d’fhonn a gcuimhne a scriosadh den talamh.

17       Éisteann an Tiarna nuair a ghlaonn na fíréin air:
fuasclaíonn sé óna gcúngaigh go léir iad.

18       Bíonn an Tiarna i ngar don lucht coscartha
agus tarrthaíonn sé an dream atá do-mheanmnach.

19       Is iomaí sin buairt ar na fíréin,
ach fuasclaíonn an Tiarna orthu uile é;

20       cosnaíonn sé a gcnámha go léir;
ní bhrisfear oiread is aon cheann amháin acu.

21       Tiománfaidh an t-olc an t-éagráifeach chun a bháis,
agus daorfar lucht fuatha an fhíréin.

22       Fuasclaíonn an Tiarna anamacha a shearbhóntaí:
ní dhaorfar a dtéann faoina choimirce.

Salm 35

1         Tagair mo chúis, a Thiarna, in aghaidh mo naimhde:
cuir cath ar a mbíonn ag troid liom.

2         Gabh chugat do sciath agus do lúireach,
agus éirigh do mo chúnamh.

3         Beartaigh an ga agus an tsleá
in aghaidh lucht mo thóraíochta.
Abair le m’anam, a Thiarna:
“Is mise do shlánú.”

4         Go dtugtar náire agus tarcaisne ar an dream
atá ar tí mo mharaithe.
Go gcuirtear ar gcúl faoi náire
lucht beartaithe oilc i m’aghaidh.

5         Go gcuire aingeal an Tiarna an ruaig orthu
amhail cáith roimh an ngaoth;

6         go raibh a slí go sleamhain dúdhorcha
agus aingeal Dé ar a dtí.

7         Leathadar a líon dom gan chúis:
rinneadar uaigh dom gan ábhar.

8         Go dtaga orthu díothú gan choinne;
go gceaptar iad féin
sa líon a chuir siad i bhfolach romham.
Go dtite siad sa chlais.

9         Déanfaidh m’anamsa lúcháir sa Tiarna:
déanfaidh mé gairdeas ina shlánú.

10       Déarfaidh mé ó mo chroí go hiomlán:
“Cé is cosúil leat, a Thiarna,
an té a tharrthaíonn an truán ón tréanfhear,
an duine dealbh ón tíoránach?”

11       Éiríonn finnéithe bréige i m’éadan
do mo cheistiú ach mé aineolach.

12       Díolann siad an t-olc in aghaidh na maithe liom:
tá m’anam go brónach.

13       Nuair a bhíodarsan breoite chuir mé sacéadach orm;
chiapas m’anam le troscadh.

14       Bhínn ag guí ó mo chroí orthu mar a ghuífinn
ar dheartháir liom nó cara;
mar dhuine a bheadh ag caoineadh a mháthar,
bhí mé crom le cumha.

15       Ach anois, ó tá mé san fhaopach
cruinníonn siad faoi áthas.
Tagann siad gan fhios orm, do mo bhualadh,
agus iad ag tromaíocht gan scíth orm.

16       Bíonn siad ag magadh fúm gan stad gan staonadh,
is a bhfiacla ag díoscán i m’aghaidh.

17       Cá fhad a bheidh tú ag amharc orthu, a Thiarna?
Tar agus fóir orm!
Déan m’anam a fhuascailt óna n-ionsaithe;
m’anam ó na leoin.

18       Tabharfaidh mé buíochas duit sa mhórdháil;
molfaidh mé thú sa slua.

19       An dream atá ina naimhde gan chúis dom,
nár dhéana siad gairdeas umam.
Agus an dream a thugann fuath dom gan fáth,
nár chaocha siad a súile orm.

20       Is fuath leo muintir shuaimhneach na tíre:
cumann siad cealg ina n-aghaidh.

21       Deir siad, agus a mbéal ar leathadh acu:
“Há, há! Nach bhfacamar féin é!”

22       Chonaic tusa é, a Thiarna; ná bí i do thost;
ná bí i bhfad uaim, a Thiarna!

23       Múscail! agus brostaigh chun mo chosanta
a Dhia liom; a Thiarna bí liom.

24       Tabhair breith orm de réir do chirt, a Thiarna;
ná maídís a mbua orm, a Dhia.

25       Ná smaoinidís ina gcroí: “Tá buaite againn!”
Ná habraidís: “Shlogamar siar thú!”

26       An dream lenarb áil mo dhochar,
go raibh náire is míchlú orthu!
Go gclúdaítear le heasonóir is le haithis
lucht maíte i m’éadan.

27       Bíodh gliondar agus gairdeas ar lucht mo pháirte,
agus abraidís gan sos:
“Moladh leis an Tiarna lenarb áil sonas a sheirbhísigh!”

28       Agus foilseoidh mo theanga d’fhíréantacht
agus do mholadh ar feadh an lae.

Salm 36

1         Labhraíonn an urchóid leis na peacaí
i ndiamhair a gcroí.
Ní choimeádann siad eagla Dé
os comhair a súl.

2         Cuireann siad ina luí ar a n-aigne
nach eol do dhaoine
an choir atá déanta acu
agus nach fuath leo í.

3         Tá urchóid agus cealg ina mbéal
níl ciall acu don mhaith.

4         Meabhraíonn siad mioscais agus mallaitheacht
ina luí ar a leaba dóibh.
Gabhann siad i slí nach maith
agus ní shéanann siad an t-olc.

5         Sroicheann do bhuanghrá na flaithis, a Thiarna,
agus do dhílse na néalta.

6         Tá d’fhíréantacht mar shléibhte Dé:
do bhreithiúnas mar an duibheagán.
Tugann tú dídean don duine is don bheithíoch.

7         A Thiarna, nach luachmhar é do bhuanghrá!
Agus tagann an Ádhamhchlann ag triall ort
go ngabhann faoi scáth do sciathán.

8         Líontar le méitheas do thí iad
tugann tú deoch dóibh as abhainn d’aoibhneas,

9         óir is leatsa atá foinse na beatha;
agus i do sholas-sa a fheicimid an solas.

10       Bíodh grá agat de shíor do lucht d’adhartha,
agus cothromas do lucht an chroí dhírigh.

11       Ná gabhadh an díomasach de chosa orm:
ná caitheadh lámh an drochdhuine amach mé.
Féach mar a leagadh lucht déanta na hurchóide;
tá siad ar lár agus ní fhéadann éirí.

Salm 37

1         Ná bíodh buairt ort faoi lucht an drochiompair;
ná bí in éad le lucht déanta na hurchóide;

2         óir dreofaidh siad go luath ar nós an fhéir
agus feofaidh siad amhail luibheanna glasa.

3         Cuir do dhóchas sa Tiarna agus déan an mhaith,
agus mairfidh tú sa tír go sábháilte.

4         Má thugann tú taitneamh don Tiarna
tabharfaidh seisean duit mian do chroí.

5         Taobhaigh do shlí leis an Tiarna;
cuir do dhóchas ann agus déanfaidh sé beart

6         i dtreo go n-éireoidh d’fhíréantacht mar sholas
agus d’ionracas mar ghrian an mheán lae.

7         Glac suaimhneas sa Tiarna agus foighnigh leis:
ná bíodh ceist ort faoin té ar a mbíonn an séan,
ná faoin duine a chleachtann an choirpeacht.

8         Cuir uait an fraoch agus an fíoch;
ná bí i bhfeirg, óir ní thiocfaidh di ach dochar;

9         Óir dísceofar lucht déanta an oilc
agus gheobhaidh lucht na foighne an talamh.

10       Ní fada go mbeidh deireadh leis na drochdhaoine
Féach a n-ionad! ní ann dóibh feasta.

11       Ach beidh seilbh an talaimh ag na hísle
beidh a n-aoibhneas i lánmhaireacht an tsuaimhnis.

12       Beartaíonn na hurchóidigh in aghaidh na bhfíréán:
baineann díoscán as a bhfiacla ina gcoinne.

13       Ach gáireann an Tiarna go fonóideach fúthu,
óir is eol dó go bhfuil a lá tar éis teacht.

14       Tarraingíonn na héagráifigh an claíomh;
teannann siad an bogha a threascairt an duine ionraic
a threascairt lucht an ghátair agus na mbocht.

15       Tollfaidh a gclaíomh a gcroí féin
agus brisfear a mbogha ina bhloghanna.

16       Is fearr an beagán atá ag an bhfíréan
ná maoin is mórshaibhreas na n-éagráifeach;

17       óir brisfear ar chumhacht na n-éagráifeach
agus beidh an Tiarna ina chúl taca ag an bhfíréan.

18       Ar an Tiarna atá cúram na neamhurchóideach,
agus mairfidh a n-oidhreacht go brách.

19       Ní thabharfar a náire in am na tubaiste,
agus líonfar iad in am an ghorta.

20       Rachaidh na héagráifigh go léir ar ceal
mar aon le naimhde an Tiarna.
Is cosúil iad le háilleacht neamhbhuan an mhachaire
agus rachaidh siad ar ceal ar nós deataigh.

21       Ní aisíocann na héagráifigh a n-iasacht,
ach tugann na fíréin uathu go flaithiúil.

22       Beidh an talamh ag lucht beannaithe an Tiarna,
ach dísceofar an dream a mhallaigh sé.

23       Stiúrann an Tiarna ár gcoiscéimeanna
agus déanann slí na muintire is geal leis sábháilte.

24       Má thuislimid ní leagfar ar lár muid,
ós é an Tiarna é féin ár dtaca.

25       Bhí mé óg, agus anois tá mé aosta,
ach ní fhaca mé riamh na fíréain á dtréigean
ná a sliocht ag iarraidh a gcoda.

26       Bíonn siad fial i gcónaí; tugann siad iasacht uathu,
agus beannófar a sliocht dá éis.

27       Seachain an t-olc, déan an mhaith
gus mairfidh tú go buan mar a bhfuil tú.

28       Óir is geal leis an Tiarna an fhíréantacht
agus ní thréigfidh sé a dhílseoirí go deo.
Déanfar lucht na héagóra a dhíothú
agus sliocht na n-urchóideach a scriosadh.

29       Tiocfaidh na fíréin in oidhreacht an talaimh
agus mairfidh siad ann go brách.

30       Bíonn béal na bhfíréan ag labhairt eagna
agus canann a dteanga an ceart;

31       bíonn dlí a nDé ina gcroí,
ní bhíonn a gcos ag imeacht uathu.

32       Bíonn an na hurchóidigh ag faire na bhfíréan
agus fonn a maraithe orthu.

33       Ní fhágfaidh an Tiarna faoina smacht iad,
ná ní dhaorfaidh iad nuair a thabharfaidh sé breith orthu.

34       Fan leis an Tiarna; bí dílis dó
agus tabharfaidh sé ardú céime duit,
go mbronnfaidh ort seilbh na talún;
agus feicfidh tú díothú na n-urchóideach.

35       Chonaic mé na hurchóidigh go huaibhreach
ina seasamh amhail céadras na Liobáine.

36       Ag gabháil thar bráid dom athuair bhí siad imithe;
chuaigh mé á lorg ach ní raibh siad le fáil.

37       Féach an fíréan, tabhair do d’aire an duine ionraic,
óir beidh sliocht ag lucht na síochána;

38       ach dísceofar na peacaigh uile le chéile;
déanfar sliocht na n-éagráifeach a scriosadh.

39       Ón Tiarna a thagann slánú na bhfíréan,
is é a ndídean é in am na trioblóide.

40       Tiocfaidh an Tiarna i gcabhair orthu lena bhfuascailt;
sábhálfaidh sé iad ó na hurchóidigh
de bhrí gurb ann atá a ndóchas.

Salm 38

1         A Thiarna, ná lochtaigh mé i d’fhearg;
ná déan mo smachtú i do chuthach.

2         Tá do shaigheada greamaithe go domhain ionam
agus tháinig do lámh anuas orm.

3         Ní slán do mo cholainn de dheasca d’fheirge
níl folláine i mo chnámha de thoisc mo pheaca.

4         Óir d’éirigh mo chionta os mo chionn
agus luíonn siad ina n-ualach róthrom orm.

5         Tá mo chréachta ina mbracha is boladh bréan uathu
de dheasca mo dhíchéille féin.

6         Tá mé crom; tá mé craptha go dearfa;
triallaim timpeall go dobrónach ar feadh an lae.

7         Tá mo leasracha arna líonadh d’othras,
níl folláine ar bith i mo cholainn.

8         Tá mé traochta; tá mé brúite as cuimse,
is mé ag cneadaíl le céasadh mo chroí.

9         Is feasach duit, a Thiarna, mo mhianta,
níor ceileadh ort m’osnaí ach oiread.

10       Tá mo chroí ag preabadh; d’imigh mo neart uaim,
agus tá solas mo shúl tar éis teip orm.

11       Seachnaíonn mo chomhluadar is mo chairde mé,
agus fanann mo ghaolta i bhfad uaim,
mar gheall ar mo chréachtaí.

12       An dream ar a bhfuil fonn mo mharaithe
cuireann siad ribe romham –
an dream a iarrann mo dhochar agus mo mhilleadh,
beartaíonn siad feall i mo choinne ar feadh an lae.

13       Is cosúil mé leis na bodhráin nach gcluineann
leis na balbháin nach n-osclaíonn a mbéal;

14       amhail iad sin nach gcluineann dada ar bith
agus nach bhfuil oiread agus focal ina bpluc acu.

15       Óir is ionat atá mo dhóchas, a Thiarna,
is tú a thabharfaidh freagra, a Dhia liom.

16       Óir deirim: “An dream a bhíonn ag maíomh orm
an uair a shleamhnaíonn mo chos uaim,
nár dhéana siad gairdeas mar gheall orm.”

17       Óir táimse ar tí titim faoi láthair;
bíonn mo bhrón os mo chomhair de ghnáth.

18       Admhaím mo chion is mo pheaca;
is buartha go fíor mé dá dheasca.

19       Is cumhachtach iad mo naimhde gan ábhar
agus is líonmhar lucht m’fhuatha gan fáth,

20       a thugann an t-olc uathu i gcúiteamh na maithe
agus a chuireann i m’aghaidh toisc go leanaim den mhaith.

21       Ná tréig mé, a Thiarna, a Dhia liom!
ná bíse i bhfad uaim choíche!

22       Brostaigh, a Dhia, chun mo chúnaimh,
a Thiarna, is tú mo shlanú.

Salm 39

1         Dúirt mé: “Tabharfaidh mé aire do mo shlite
sula ndéana mé peaca le mo theanga.
Cuirfidh mé srian le mo bhéal
nuair a bheidh an t-éagráifeach os mo choinne.”

2         Bhí mé balbh agus d’fhan mé i mo thost,
bhí éad orm de dheasca a rathúnais.

3         Bhí mo chroí go te ionam istigh;
las tine de bhladhm ar mo mhachnamh dom,
agus leis sin labhair mo theanga.

4         Foilsigh dom, a Thiarna, mo chríoch dhéanach,
nocht dom líon mo laethanta,
ionas gurab eol dom neamhbhuaine an tsaoil.

5         Is gairid an seal a thug tú dom,
is neamhní mo ré shaoil i d’fhianaise.
Níl i neach dá maireann ach puth anála
agus gabhann na daoine seacha mar scáileanna.

6         Gal gaoithe a saibhreas go léir;
ní fios dóibh cé a gheobhaidh ar chruinnigh siad.

7         Cad fáth dom bheith ag feitheamh, a Thiarna?
is ionat atá mo dhóchas ar fad.

8         Saor mé ó mo chionta go léir,
ná tabhair mé mar cheap magaidh don amadán.

9         Bhí mé i mo thost; níor oscail mé mo bhéal
de bhrí gur tusa faoi deara é.

10       Tóg uaim anois do sciúirse;
tá mé cloíte ag buillí do láimhe.

11       An uair a smachtaíonn tú daoine
le hachasán i ngeall ar a bpeaca
leánn tú mar leamhan an ní is luachmhar leo;
níl in aon neach ar bith ach puth anála.

12       Éist le mo ghuí agus le m’urnaí, a Thiarna,
ná tabhair cluas bhodhar do mo ghlao.
Óir is aoi mé atá ag baint fúm agatsa
i m’oilithreach ar nós m’aithreacha go léir.

13       Lig dom, go bhfaighe mé aoibhneas
sula dté mé faoi dheoidh ar ceal coiteann.

Salm 40

1         D’fhan mé go foighneach leis an Tiarna
agus chrom sé chugam
gur éist sé le mo ghuí.

2         Tharraing sé mé as díog na díthe,
as láib an bhogaigh;
chuir sé mo chosa ina seasamh ar charraig
agus dhaingnigh mo choiscéimeanna.

3         Chuir sé amhrán nua i mo bhéal:
duan dár nDia.
Feicfidh a lán é agus beidh eagla orthu,
agus beidh a ndóchas sa Tiarna acu.

4         Is aoibhinn dóibh sin a chuireann
a ndóchas sa Tiarna;
na daoine nach gcloíonn le huaibhrigh
ná le déithe bréige.

5         Nach iomaí sin éacht a rinne tú,
a Thiarna is mo Dhia!
Níl aon neach inchurtha leatsa
sna comhairlí a cheap tú dúinn.

6         Dá mb’áil liom a n-insint nó a n-áireamh
rachadh a gcomhaireamh díom.

7         Íobairt ná ofráil níor thoil leat,
ach d’oscail tú mo chluasa.

8         Uileloscadh ná íobairt pheaca níor theastaigh uait;
ach féach, dúirt mé: “Seo ag teacht mé!”

9         “I rolla an leabhair tá sé scríofa fúm
go ndéanfainn do thoilse.
A Dhia, is áil liom do dhlí
i ndiamhair mo chroí.”

10       Rinne mé d’fhíréantacht a fhógairt
sa chomhdháil mhór.
Cosc níor chuir mé le mo bhéal
mar is eol duit, a Thiarna.

11       Níor fholaigh mé d’fhíréantacht i mo chroí
ach d’fhógair mé do chabhair dhílis;
níor cheil mé do bhuanghrá ná do fhírinne
ar an gcomhdháil mhór.

12       A Thiarna, ná coinnigh do thruamhéil
uaim go brách.
Go ndéana do bhuanghrá agus d’fhírinne
mo chaomhnú choíche.

13       Tá mórán olc i mo thimpeall, oilc gan áireamh.
Tá mé chomh mór sin i ngreim ag mo chionta
nach bhfeicim dada;
ní lia ribí mo chinn ná iad
agus teipeann mo mhisneach orm.

14       Go mba toil leat, a Thiarna, mé a fhuascailt;
brostaigh, a Thiarna,
agus cabhraigh liom.

15       Go raibh náire agus ceann faoi ar gach aon neach
ar a bhfuil fonn mo mharaithe;
go gcuirtear ar gcúl faoi náire
a bhfuil ag dréim le mo mhilleadh.

16       Go ndalltar le náire an drong
a deir liom: “Há! há!”

17       Go ndéana a mbíonn ar do lorg
ríméad agus gairdeas ionat.
Go ndeire an dream lenarb áil do chúnamh:
“Moladh leis an Tiarna!”

18       Cé gur dealbh agus gur dearóil mise
déanann an Tiarna cúram díom.

19       Is tú mo chabhair agus m’fhuascailteoir;
ná moilligh, a Dhia liom.

Salm 41

1         Is méanar dóibh sin ar cúram leo an dealbh is an daibhir;
saorfaidh an Tiarna iad in am na buartha.

2         Coimeádfaidh sé beo iad, tabharfaidh sé séan dóibh ar talamh
agus ní thabharfaidh sé suas iad do thoil a n-eascairde.

3         Tabharfaidh sé neart dóibh ar leaba a dtinnis
agus déanfaidh a leigheas le linn a mbreoiteachta.

4         Is é a dúirt mise: “Déan trócaire orm, a Thiarna,
slánaigh m’anam de bhrí gur pheacaíos ort.”

5         Labhraíonn mo naimhde fúm le mírún is mioscais:
cathain a éagfaidh mé go ndearmadfar m’ainm?”

6         Tagann siad do m’fhéachaint le caradas bréige;
scaipeann siad a mbréaga fúm amuigh le caint mhailíseach.

7         Bíonn m’aos fuatha ag cogarnach le chéile i m’éadan;
bíonn siad ag machnamh ina gcroí ar an tubaiste a bhain dom.

8         Síleann siad gur tháinig galar gáifeach orm,
go ndeachaigh mé a luí agus nach n-éireoidh mé choíche.

9         Fiú amháin mo chara cléibh as a mbíodh mo mhuinín
agus a d’itheadh mo chuid aráin, nár iompaigh sé i m’éadan!

10       Ach tusa, a Thiarna, bíodh trua agat dom;
déan mo thógáil arís go ndíolfaidh mé an comhar leo.

11       Ansin beidh a fhios agam go bhfuil lé agat liom
nuair nach ndéanfaidh m’eascairde a mbua a mhaíomh orm.

12       Má dhéanfaidh tú trua dom tabharfaidh tú slán mé
agus cuirfidh tú i mo sheasamh i do láthair go brách mé.

13       Moladh leis an Tiarna Dia Iosrael go brách.
Moladh leis ó aois go haois. Áiméan. Áiméan.

Salm 42

1         Faoi mar a shantaíonn an eilit na sruthanna uisce
is amhlaidh a shantaíonn m’anam thusa, a Dhia.

2         Tá cíocras chun Dé ar m’anam
chun Dé bheo;
cá huair a thiocfaidh mé go bhfeicfidh mé
gnúis mo Dhé.

3         Is iad mo dheora is bia dom
de lá agus d’oíche
nuair a fhiafraítear díom in aghaidh an lae:
“Cá bhfuil do Dhia?”

4         Ar na nithe seo a dhéanaim mo mhachnamh
nuair a chuirim mo racht díom:
mar a ghluaisinn i dtosach an tslua ag triall ar theach Dé dom,
le gártha gairdis agus molta
i ndáil fleá agus féile.

5         Cén fáth a bhfuil tú buartha, a anam liom,
faoi mhíshuaimhneas istigh ionam?
Cuir do dhóchas i nDia; molfaidh mé go fóill é;
mo shlánaitheoir agus mo Dhia é.

6         Tá m’anam go buartha istigh ionam,
is ort a bhím ag cuimhneamh
ó thír na Iordáine, ó Hearmón,
agus fós ó Shliabh Mizeár.

7         Glaonn na duibheagáin ar a chéile
le torann do chuid easanna.
Tagann do thonnta agus do thuilte go léir
ina gcaisí anuas orm.

8         Bronnfaidh an Tiarna a bhuanghrá
orm de lá
agus canfaidh mé ceadal san oíche
do Dhia mo bheo.

9         Deirim le Dia, mo charraig, cén fáth
a ndearna tú dearmad orm?
Cad chuige dom triall go dobrónach
is mo namhaid do mo chrá?

10       Le hachasáin a bhaineann fáscadh as an gcroí agam
tarcaisníonn mo naimhde mé,
á rá liom gan stad in aghaidh an lae:
“Cá bhfuil do Dhia?”

11       Cén fáth a bhfuil tú buartha, a anam liom
faoi mhíshuaimhneas istigh ionam?
Cuir do dhóchas i nDia; molfaidh mé go fóill é;
mo shlánaitheoir agus mo Dhia é.

Salm 43

1         Cosain mé a Dhia, agus agair mo chúis
in aghaidh lucht na héagráifeachta.
Ó lucht an fhill agus na hurchóide
saor mé, a Dhia.

2         Óir is tú mo dhídean, a Dhia,
cén fáth ar theilg tú uait mé?
Cén fáth a bhfuilim ag triall go dobrónach
agus mo namhaid do mo chiapadh?

3         Cuir chugam do sholas agus d’fhírinne,
go ndéana siad mo threorú
do mo thionlacan faoi dhéin do chnoic naofa,
faoi dhéin do phailliúin.

4         Triallfaidh mé ar altóir Dé,
ar Dhia is cúis áthais dom;
agus déanfaidh mé do mholadh ar an gcruit
a Dhia, a Dhia liom!

5         Cén fáth a bhfuil tú buartha, a anam liom,
faoi mhíshuaimhneas istigh ionam?
Cuir do dhóchas i nDia; molfaidh mé go fóill é;
mo shlánaitheoir agus mo Dhia é.

Salm 44

1         Chualamar lenár gcluasa féin é, a Dhia,
agus d’inis ár n-aithreacha féin dúinn
na hoibreacha a rinne tú fadó,
na héachtaí a rinne tú lena linn.

2         Mar chuir tú féin na ciníocha i mbéal a gcinn
gur phlandaigh tú ár sinsir ina n-ionad.

3         Óir ní lena gclaíomh féin a ghabhadar an talamh
níorbh é a gcuisle féin a shaor iad
ach do dheaslámh féin is do chuisle
agus gile do ghnúise, mar b’iad do ghrá iad.

4         Is tú mo rí agus mo Dhia
a thug barr agus bua do Iacób.

5         Is tríotsa a chloíomar ár naimhde
gur ghabhamar de chosa i lucht ceannairce i d’ainm.

6         Óir ní i mo bhogha a chuir mé mo dhóchas,
ná níorbh é mo chlaíomh a thug saor mé,

7         ach is tusa a shábháil ónár naimhde sinn
agus a chuir náire ar an drong a thug fuath dúinn.

8         Bhímis ag maíomh as Dia i dtólamh
agus ag tabhairt moladh do d’ainm de shíor.

9         Ach anois tugann tú droim láimhe dúinn go dímheasúil
agus ní ghabhann tú amach lenár sluaite.

10       Tugann tú orainn cúlú roimh ár naimhde
agus déanann lucht ár bhfuatha slad orainn.

11       Thug tú suas sinn mar chaoirigh chun ár maraithe.
Chuir tú scaipeadh orainn ar fud na gciníocha.

12       Dhíol tú do phobal in aisce,
agus ní bhfuair tú dada de bharr a ndíolta.

13       Rinne tú ábhar achasáin dínn dár gcomharsana,
cúis gháire dá mbíonn inár dtimpeall,

14       ceap aithise i mbéal na gciníocha
agus ceap magaidh i measc na náisiún.

15       Bíonn mo tharcaisne os mo chomhair de shíor
agus luisne na náire i mo leiceann

16       de bharr ghlór an scigire agus an sciolladóra
de dheasca an namhad agus an díoltasaí.

17       Tháinig na nithe seo uile orainn anuas
siúd is nach ndearnamar dearmad ort,
is nach rabhamar mídhílis do do chonradh

18       ná ní dheachaigh ár gcroí ar gcúl,
ná ní dheachaigh ár gcosa ar seachrán uait,

19       bíodh gur bhrúigh tú in áit na hainnise sinn
agus gur fholaigh tú le scáil an bháis sinn.

20       Dá ndéanaimis dearmad ar ainm ár nDé
nó dá leathaimis ár lámha chun dé eile,
nach mbeadh a fhios sin ag Dia?
Óir is eol dó rúndiamhra an chroí.

21       Ar do shonsa tugtar ár n-ár ar feadh an lae
agus meastar sinn mar chaoirigh atá le bású.

22       Múscail! Cad é an codladh sin ort, a Thiarna?
Bí i do dhúiseacht! ná diúltaigh dúinn de shíor!

23       Cén fáth a gceileann tú do ghnúis orainn
agus nach cuimhin leat ár n-ainnise is ár n-ansmacht?

24       Óir leagadh ar lár sinn sa luaithreach
agus buaileadh ár gcorp ar an talamh.

25       Éirigh i do sheasamh agus cabhraigh linn
agus fuascail sinn as ucht do thrócaire.

Salm 45

1         Tá mo chroí á chorraí ag téama sáruasal.
Tá mé ag aithris mo dháin i láthair an rí;
ní luaithe lámh an scríobhaí ná líofacht mo theanga.

2         Is tú an té is áille den Ádhamhchlann go huile
agus doirteadh an grásta amach ar do bheola
toisc gur bheannaigh do Dhia go brách is go deo thú.

3         Déan do chlaíomh a chrochadh ar do cheathrú, a churaidh:
faoi mhaise agus gradam gabh amach go caithréimeach,

4         ar son focal na fírinne, an chreidimh is an chirt,
teann do bhogha le do dheasláimh chumasach.

5         Is géar iad do shaigheada; tá na ciníocha faoi chois agat.
Tá naimhde an rí ar díth a meanman.

6         Beidh do chathaoir ann, a Dhia, go brách is choíche;
ríshlat an chirt is ea ríshlat do ríochta.

7         Is geal leat an fhíréantacht, is gráin leat an mhioscais.
Is uime sin a rinne Dia – do Dhia féin – thú a ungadh
le hola an áthais thar lucht uile do chaidrimh.

8         Leathann cumhracht an mhiorra agus an aló trí d’éadaí;
seinntear ceol ar an gcláirseach duit ó árais eabhartha.

9         Tá iníonacha ríthe i measc do bhan coimhdeachta,
agus an bhanríon ar do dheis faoi ór as Óifír.

10       Claon chugam do chluas, a iníon,
agus éist liom;
cuir cuimhne do mhuintire féin uait agus teaghlach d’athar.

11       Óir tabharfaidh an rí grá is taitneamh do d’áilleacht;
eisean do Thiarna,
agus umhlaigh thú féin dó.

12       Tiocfaidh muintir na Tuíre le tabhartais chugat
agus beidh lucht rachmais an phobail ag iarraidh do pháirte.

13       Tá iníon an rí gléasta le róbaí órmhaisithe,
agus seoltar chun an rí í faoi éadaí ildathacha.
Seoltar dá héis chuige a maighdeana coimhdeachta.

14       Déantar a dtionlacan le háthas is gairdeas
nuair a ghabhann siad isteach in áras an rí.

15       In ionad do shinsear beidh clann mhac de do chuid féin agat;
ceapfaidh tú ina bhflatha iad ar fud chríocha na cruinne.

16       Beidh cuimhne ar d’ainm go brách de bharr an dáin seo
agus molfaidh na ciníocha thú go brách na breithe.

Salm 46

1         Is dídean dúinn Dia,
agus is é ár neart é:
is é ár gcúnamh go dearfa é le linn ár n-anacra.

2         Dá bhrí sin ní eagal linn má luascann an talamh
agus go gcaitear na sléibhte i gceartlár na mara,

3         fiú amháin má bhíonn a huisce ag coipeadh agus ag fiuchadh,
agus na sléibhte á suaitheadh ag neart na dtonnta.

4         Cuireann caisí na habhann lúcháir ar chathair Dé,
ionad naofa agus áras cónaithe an Neach is Airde.

5         Tá Dia ina lár, ní féidir í a bhogadh;
tiocfaidh Dia i gcabhair uirthi le fáinne an lae.

6         Tógtar clampar i measc na gciníocha, baintear croitheadh as ríochtaí,
toirníonn seisean lena ghlór agus leánn an talamh.

7         Tá Tiarna na Slua inár bhfochair,
is daingean dúinn Dia Iacóib.

8         Téanam agus feiceam oibreacha an Tiarna,
na héachtaí móra a rinne sé ar talamh.

9         Cuireann sé cosc le cogaí ar fud na cruinne:
briseann sé boghanna agus smiotann sé sleánna,
loisceann sé sciatha agus carbaid le tine.

10       “Éistigí! bíodh a fhios agaibh gur mise is Dia ann,
in ardréim ar na ciníocha, in ardréim ar talamh.”

11       Tá Tiarna na Slua inár bhfochair,
is daingean dúinn Dia Iacóib.

Salm 47

1         Buailigí bhur mbosa, a chiníocha uile;
glaoigí ar Dhia le gártha gairdis!

2         Óir is ard é an Tiarna agus is uamhnach,
ina ardrí os cionn na cruinne.

3         Cuireann sé ciníocha faoinár smacht
agus cuireann sé náisiúin faoinár gcosa.

4         Is uaidh a fuaireamar ár n-oidhreacht;
oidhreacht Iacóib dá dtugann sé grá.

5         Gabhann Dia in airde le gártha molta;
gabhann sé in airde le séideadh an stoic.

6         Seinntear ceol dár nDia, seinntear ceol dó;
seinntear ceol dár Rí, seinntear ceol dó!

7         Is é Dia rí na cruinne go léir;
seinnigí agus canaigí go hoilte dó!

8         Tá Dia ina rí ar na náisiúin;
tá sé ina shuí ar a ríchathaoir naofa.

9         Cruinníonn taoisigh na gciníocha i gceann a chéile;
i bhfochair phobal Dhia Abrahám.
Óir is le Dia lucht rialaithe na cruinne;
is aige atá an chumhacht go hiomlán.

Salm 48

1         Is éachtach an Tiarna agus is inmholta go mór é
i gcathair ár nDé.

2         Is álainn an cnoc é a shliabh naofa,
áthas an domhain uile.
Is é Cnoc Shíón de leith an tuaiscirt
cathair an ArdRí.

3         Chruthaigh Dia i lár a dúnta
bheith ina dhaingean sábháilte.

4         Óir féach! chruinnigh na ríthe le chéile
gur ionsaigh siad in éineacht.

5         Chuir a bhfaca siad anbhá agus alltacht orthu;
rinneadh stangairí díobh le neart mearbhaill.

6         Tháinig crith cos is lámh orthu láithreach,
amhail tinneas clainne;

7         mar a bheadh an ghaoth anoir ag milleadh
loingeas Thairsís.

8         Mar a chualamar, is amhlaidh a chonaiceamar
i gcathair ár nDé;
i gcathair Thiarna na slua
a dhaingnigh Dia go deo.

9         Déanaimid machnamh ar do bhuanghrá, a Dhia,
i gceartlár do theampaill.

10       Leathann do mholadh, ar nós d’ainm, a Thiarna, go críocha na cruinne.
Is lán do dheaslámh d’fhíréantacht.

11       Gairdíonn Cnoc Shíón.
Tá áthas ar iníonacha Iúdá
de bharr do bhreithiúnais.

12       Siúlaigí Síón agus triallaigí ina timpeall
comhairigí a túir.

13       Breathnaigí a rampair chosanta;
scrúdaigí a dúnfoirt,
go n-inseoidh sibh don ghlúin atá le teacht:

14       is mar sin dár nDia.
Is é ár nDia é go brách na breithe agus ár dtreoraí go deo.

Salm 49

1         Éistigí, a chiníocha go léir,
tugaigí cluas, a áitritheoirí na cruinne,

2         íseal agus uasal in éineacht,
saibhir agus daibhir le chéile.

3         Labhróidh mo bhéal briathra ciallmhara;
is lán mo chroí de thuiscint.

4         Claonfaidh mé mo chluas le fáthscéal,
sceithfidh mé mo rún leis an gcláirseach.

5         Cén fáth a mbeadh eagla orm lá an oilc
agus mioscais lucht ceilge i mo thimpeall –

6         dream a mbíonn a ndóchas ina saibhreas
agus a mhaíonn as méid a maoine?

7         Ní thig le daoine iad féin a fhuascailt
ná éiric a n-anama a dhíol le Dia;
is ródhaor acu éiric a n-anama.

8         Ní thig leo síorbheatha a cheannach
le súil nach bhfeice siad an uaigh.

9         Feiceann siad an saoi agus an daoi ar lár
agus a maoin ag daoine eile ina ndiaidh.

10       Tuamaí is dídean dóibh go brách,
a n-árais chónaithe ó ghlúin go chéile
cé go mbíodh a n-ainm in airde sa tír.

11       Óir ní buan é séan an duine;
is cosúil iad leis na beithígh a théann ar ceal.

12       Slí na baothmhuiníne a slí siúd,
críoch na droinge lenarb áil a maoin.
Tiomáintear iad mar chaoirigh chun na huaighe

13       mar a ndéanfaidh an bás a n-aoireacht
agus mar a gcuirfear faoi smacht na bhfíréan iad.
Imeoidh a dtaibhse ar maidin;
san uaigh a bheidh a n-áras acu feasta.

14       Ach saorfaidh Dia m’anamsa ar ifreann
an uair a ghlacfaidh sé chuige féin mé.

15       Ná bíodh eagla ort má éiríonn daoine saibhir;
má mhéadaíonn ar mhaoin a dteaghlaigh.

16       Nuair a éagfaidh siad ní bhéarfaidh siad dada leo,
ná ní rachaidh a rachmas chun na huaighe leo.

17       Cé gur bhreá leo a saol fad a mhair siad –
“maífidh gach aon neach mo shéanmhaireacht” –

18       rachaidh siad i bhfochair a sinsear
nach bhfeicfidh an solas go brách.

19       Óir ní buan é séan an duine;
is cosúil iad leis na beithígh a théann ar ceal.

Salm 50

1         Labhair an Tiarna – is é Dia na ndéithe é –
agus ghair sé chuige an chruinne.

2         As Síón a shoilsigh Dia le barr scéimhe;
Tháinig ár nDia amach, ní fhanfaidh sé ina thost.

3         Gluaisfidh tine chraosach roimhe amach
agus anfa gaoithe ina thimpeall.

4         Fágfaidh sé a fhianaise ar neamh agus ar talamh
go dtabharfaidh sé breithiúnas ar a phobal:

5         “Cruinnigí mo phobal naofa i mo láthair
a cheangail mo chonradh le híobairt.”

6         Foilsíonn na flaithis a fhíréantacht
óir is é Dia é féin is breitheamh.

7         “Éistigí, a phobal liom, labhróidh mé,
tabharfaidh mé fianaise i do choinne, a Iosrael;
óir is mise is Dia ann – do Dhiasa.

8         Ní de bharr d’íobairtí a cháinim thú:
bíonn do loiscíobairtí i mo láthair de shíor.

9         Ní ghlacfaidh mé le tarbh ó do theach
ná le pocaide gabhair de do thréada.

10       Óir is liom ainmhithe uile na coille
agus na mílte beithíoch ar mo shléibhte.

11       Is aithnid dom éanlaith an aeir
agus is liom a ngluaiseann sa mhachaire.

12       Dá mbeadh ocras orm ní duitse a inseoinn é,
óir is liom an domhan agus a bhfuil ann.

13       An dóigh leat go n-ithimse feoil tarbh?
An measann tú go n-ólaimse fuil gabhar?

14       Toirbhir íobairt an bhuíochais do Dhia
díol do mhóideanna leis an Té is Airde.

15       Glaoigh orm ansin in am na hanacra;
saorfaidh mé thú agus tabharfaidh tú urraim dom.”

16       Ach is é a deir Dia leis an bpeacach:
“Cén ceart atá agatsa mo dhlí a fhógairt
agus lán béil a dhéanamh de mo chonradh?

17       Ó tharla gur fuath leat mo dhlí
agus go ndéanann tú neamhní de mo bhriathra?

18       Nuair a fheiceann tú gadaithe téann tú i bpáirt leo
agus gabhann tú i gcomhar le lucht adhaltranais.

19       Tugann tú do bhéal don olc
agus cumann tú bréaga le do theanga.

20       Tugann tú míchlú do chara i do shuí duit,
tromaíonn tú ar pháiste do mháthar féin.

21       Déanann tú amhlaidh, agus an mbeidh mise i mo thost?
An dóigh leat gurb é do dhálasa agamsa é?
Táim do do cheartú agus do do chúisiú.

22       Aire daoibh, a lucht dearmadta Dé;
sula mbéarfainn oraibh is gan lucht bhur dtarrthála ann;

23       na daoine a ghabhann buíochas mar íobairt
is iad sin an mhuintir a thugann urraim dom;
agus dóibh sin a mhaireann gan cháim
taispeánfaidh mé slánú Dé.”