Home

Church of Ireland Home

Archive of the Month

Aistriúchán “Nua–Ghaeilge” Dhubhghlais de hÍde ar Lúireach Phádraig

Archive of the Month – Márta 2012

(For English translation, please click here)

Mr Douglas Hyde © Courtesy Douglas Sealy, Hyde Trust
Mr Douglas Hyde © Courtesy Douglas Sealy, Hyde Trust
Maidir leis an mí ina ndéantar onórú ar Naomh Pádraig mar éarlamh na hÉireann – ar an 17ú lá de Mhárta – cuirimid an t–aistriúchán “Nua–Ghaeilge” a rinne Dubhghlas de hÍde ar Lúireach Phádraig faoi bhur mbráid, rud a chuir sé ar fáil ar iarratas Chumann Gaelach na hEaglaise i 1915.

Fan of Cards
Fan of Cards
Sa bhliain 1914, nuair a bhí athrú tapa ag teacht ar shaol polaitiúil agus cultúrtha na hÉireann, bunaíodh Cumann Gaelach Eaglais na hÉireann le haghaidh baill d’Eaglais na hÉireann a raibh suim acu ‘cuspóirí Athbheochan na Gaeilge a chur chun cinn i measc lucht Eaglaise na hÉireann’. Tá leabhair mhiontuairiscí luatha na heagraíochta seo ann go fóill agus tá siad á gcoinneáil slán i Leabharlann RCB (MS 131), agus léiríonn siad seo príomhchuspóirí an Chumainn nua:

  1. Úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i seirbhísí poiblí na hEaglaise, go háirithe sna ceantair Ghaeltachta.
  2. Paidreacha agus Iomainn Ghaelacha oiriúnacha, chomh maith le litríocht chráifeach eile a bhailiú agus a fhoilsiú, más féidir.
  3. Úsáid Ealaín agus Dearaí Gaelacha i bhfoirgnimh agus i dtroscán na hEaglaise a athbheochan.

Cuireadh dhá chuspóir breise leis ina dhiaidh sin:

  1. Rud ar bith a chuireann Eaglais na hÉireann i gcomhréir le spiorad Eaglais ársa na hÉireann a chur chun cinn.
  2. Teagmháil a chruthú idir agus ceangal aontais a sholáthar do bhaill uile d’Eaglais na hÉireann a bhfuil suim acu in idéil Ghaelacha.

Minute book cover
Minute book cover
Tionóladh réamh–chomhdháil in Eanáir 1914 sa bheistrí in Eaglais San Anna, Baile Átha Cliath, chun an treo a leanfadh an eagraíocht nua a phlé, áit a fuarthas litir leithscéil a sheol an Dr. Dubhghlas de hÍde, a bhí ina Ollamh le Gaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ag an am sin. Thacaigh de Híde, ar mhac reachtaire ba ea é (an ceathrú mac ag an tOir. Arthur Hyde, Reachtaire Thigh Baoithín, nó Dhún Gar, i ndeoise Ail Finn ó 1866–1905) leis an tionscnamh a bhí ar bun chun béim a leagan ar Ghaelachas Eaglais na hÉireann agus go háirithe ar chur chun cinn na Gaeilge in adhradh agus teagmháil na hEaglaise – feachtas a raibh sé tiomanta go dúthrachtach dó. Bhí de hÍde ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge san am sin, chomh maith le bheith ina acadóir agus ina scríbhneoir gnóthach, agus is léir go raibh aithne aige ar chuid mhaith de bhunaitheoirí an Chumainn, amhail an chéad Uachtarán ar an gCumann, Benjamin John Plunkett, Easpag ar Thuaim, Cill Ala agus Achadh Conaire, 1913–19, agus Edward Culverwell, Ollamh le hOideachas i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, 1905–16. Léirítear i dtuairiscí ar na cruinnithe gur fhreastail de hÍde go rialta ar chruinnithe agus ar imeachtaí a d’eagraigh an Cumann.

St Ann's church, Sráid Dhásain
St Ann's church, Sráid Dhásain

St Ann’s Church, Sráid Dhásain
(www.stann.dublin.anglican.org)

Bhí féiniúlacht Ghaelach Eaglais na hÉireann á cur chun cinn go gníomhach ag Culverwell, chomh maith leis an ngá a bhí lena fréamhacha Luathchríostaí a cheiliúradh, agus go háirithe úsáid na Gaeilge. Tuairiscítear gur labhair sé go lách faoi iarrachtaí an Chumainn ag cruinniú tionscnaimh an Chumainn i seomra paróiste Eaglais San Anna, i Scoil na Deoise, Sráid Theach Laighean, Baile Átha Cliath, ar 29 Aibreán 1914, nuair a chuidigh sé le glacadh lena chuspóirí. Ag an gcéad chruinniú cinn bhliana dá chuid a tionóladh san ionad céanna an bhliain dar gcionn, chaoin sé úsáid ‘na Gaeilge agus iomann Gaelach’ ag an Eaglais, rud a mheas sé a bheith ‘thar a bheith siarghabhálach’ (The Irish Times, 14 Aibreán, 1915).

Miss Beatrice (Eitne) Culverwell, ©Courtesy Revd Martin Hilliard
Miss Beatrice (Eitne) Culverwell, ©Courtesy Revd Martin Hilliard
Tá an chuma air go raibh an tsuim chéanna i gcúrsaí Gaeilge ag an aon leanbh a bhí aige, iníon a baisteadh Anne Beatrice Culverwell agus a rugadh sa bhliain 1890. Rinne sí staidéar ar an nGaeilge i gColáiste na Tríonóide,  bhí sí ina ball de Chonradh na Gaeilge, agus freisin  agus chuaigh sí isteach sa Chumann in Iúil 1914, ag 24 bliain d’aois. Ag an am sin, is léir gurbh fhearr léi an leasainm “Eitne” (litrítí é mar ‘Eithne’ agus ‘Ethne’ chomh maith) a thabhairt uirthi féin – tá sé taifeadta i miontuairiscí chruinniú an Chumainn i nDeireadh Fómhair 1914 gur léigh ‘Miss Eithne Culverwell Sen. Mod. B.A.’ páipéar ar ‘Litríocht Ársa Chráifeach na Gaeilge’ agus gur tharla ‘plé ar an bpáipéar ina dhiaidh, inar thug an Dr. de hÍde cuntas thar a bheith suimiúil ar an mbaint idir litríocht chráifeach na Gaeilge agus  sean–litríocht na Gaeilge.

Seans gurb ag an am seo a díríodh aird an Dr de hÍde ar chumas scolártha Eitne, ós rud é gur leag an Cumann cúram uirthi siúd ina dhiaidh sin ‘leagan nuachóirithe den Lúireach a fháil’ uaidh, toisc gurb eol dóibh ‘í a bheith ina peata aige’. I nóta lámhscríofa a scríobh sí i 1980, nuair a bhronn sí an cnuasach ar Leabharlann RCB, rinne sí cur síos ar an gcaoi ar tharla aistriúchán de hÍde. Dúirt de hÍde go raibh sé ‘ró–ghnóthach’ ar dtús, ach ‘nuair a cuireadh brú air’ thoiligh sé ‘go seolfadh sé cártaí poist de chugam, dá seolfainn leagan bunaidh an iomainn chuige ar chártaí poist’, rud a rinne sé go cuí, de réir dealraimh, ag scríobh chuici ag áit chónaithe an teaghlaigh, ‘an Bothán’, ar mhullach Bhinn Éadair, Contae Bhaile Átha Cliath agus bhíodh a nótaí don scríbhneoir in éineacht le haistriúchán gach rainn, chomh maith le leithscéalta as drochchaighdeán a chuid aistriúcháin, dar leis. Bhí a leasainm sainiúil, ‘An Craoibhín’ [an chraobh bheag], sínithe aige ar gach ceann den chúig chárta poist a sheol sé mar fhreagra. Ar an gcárta deireanach scríobh sé an méid seo a leanas: ‘Seo dhuit an ceann deireanach. Níl brón orm gur é seo an ceann deireanach [toisc] é a bheith déanta go dona agam. Le gach dea–ghuí, Do chara An Cr’.

Addressess
Addressess
Postcard text
Postcard text

The final postcard containing the apology

Agus í ag leanúint leis an scéal, agus ag trácht ar an obair ina píosaí a sheol sé chuici, dúirt Eitne gur ‘comharthaí sóirt dá chuid iad na freagraí cárta poist seo agus fonn spraoi air’, agus ar an ádh dearg a bhí orthu gur chríochnaigh sé na

Miss Nuala Hyde, ©Courtesy Douglas Sealy, Hyde Trust
Miss Nuala Hyde, ©Courtesy Douglas Sealy, Hyde Trust
haistriúcháin sular buaileadh go trom é nuair a fuair an iníon ba shine leis bás go tobann tar éis gur maíodh go raibh an eitinn a bhí uirthi leigheasta’. Níos lú ná bliain ina dhiaidh sin, ar 30 Meán Fómhair 1916, fuair a iníon, Nuala Hyde, bean a bhí dea–iompartha, deisbhéalach agus caidreamhach, bás ag aois óg 22 bliain – deirtí gurbh í an iníon ba chosúla leis féin  (féach J.E. Dunleavy agus G. W. Dunleavy, Douglas Hyde A Maker of Modern Ireland Berkeley, 1991, lch 346–7).

De réir an Companion to the Irish Church Hymnal (Baile Átha Cliath, 2005) lch 450–1, insítear finscéal i lámhscríbhinní ón 11ú haois atá á gcoinneáil i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, faoi iomann na Lúirí a bheith á scríobh ag Naomh Pádraig ar mhaithe lena chosaint féin de réir mar a bhí sé ag taisteal i dtreo na Teamhrach i gContae na Mí, chun an creideamh Críostaí a chraobhscaoileadh. Bhí Teamhair mar ionad ag Loegaire MacNeill, duine de lucht tacaíochta chreideamh na ndraoithe a d’adhair tine. Bhí sé beartaithe ag Loegaire luíochán a dhéanamh ar an naomh agus ar a lucht leanúna ionas nach bhféadfaidís Teamhair a shroicheadh, ach de réir mar a chan siad an Lorica, ceapadh gur tréad fianna ba ea grúpa Phádraig i ndearmad – teagmhas ba chúis le hainm malartach an iomainn, mar atá, ‘Rannán an Fhia’ [The Deer’s Cry]. Tá méid áirithe dícheadal draíochta, amhránaíocht chogaidh agus creideamh san iomann. Amach ón rann deireanach, bhí an dán sárcháiliúil seo scríofa i nGaeilge agus tugadh an ‘Lorica’ nó Lúireach Phádraig air. Rinneadh aistriúcháin éagsúla air go Béarla i rith an 19ú haois, ach ní raibh nuachóiriú ar bith déanta ar an leagan bunaidh Gaeilge agus é mar thoradh air seo go raibh athrú tagtha ar chuid de na focail, nó go raibh siad tar éis dul i léig de réir a chéile. Bhí  an teanga taréis an oiread sin d’athraithe a fhulaingt i rith na sé gcéad déag de bhlianta a d’imigh ón am a scríobhadh an Lúireach ar dtús go raibh an buntéacs beagnach dothuigthe.

Ba chinneadh straitéiseach é ó thaobh na teanga de i Samhain 1915 gur iarr an Cumann ar Dhubhghlas de hÍde (trí Miss Culverwell), fear a bhí díreach tar éis éirí as Uachtaránacht Chonradh na Gaeilge, aistriúchán a sholáthar chun leagan Nua–Ghaeilge den dán sárcháiliúil seo a chruthú, agus é déanta ag duine de na laochra aitheanta i ‘nDíghalldú na hÉireann’. Ar 30 Samhain, 2 Nollaig, 8 Nollaig, 9 Nollaig agus 10 Nollaig 1915, sheol sé a chuid aistriúchán ar ais chuici ina scríbhinn shainiúil Shean–Ghaeilge. Laistigh de thrí mhí, i Márta 1916, bhí an leagan Gaeilge seo den Lúireach foilsithe ag an gCumann mar chuid de dhíolaim iomann ar a tugadh Duanaire Diadha (Dundalgan Press, Dún Dealgan, 1916). Bhí sé seo le bheith úsáidte i seirbhísí Gaeilge in Eaglais na hÉireann, amhail na seirbhísí míosúla Gaeilge in Ardeaglais Phádraig i mBaile Átha Cliath – ba thionscnamh de chuid an Chumainn é seo agus é mar aidhm leis úsáid na teanga in adhradh gníomhach a chur chun cinn, le tacaíocht an Déin, Charles Thomas Ovenden (Déan Ardeaglais Phádraig 1911–1924), fear a bhí ina bhall gníomhach eile den Chumann. Socraíodh praghas réasúnta 6d, fad a bhí iarrachtaí ar bun chun an cnuasach a chur ar fáil ar bhonn níos leithne, le léiriú i leabhar miontuairiscí an Chumainn go raibh sé ceadaithe ag Easpag Thuama agus Ardeaspag Bhaile Átha Cliath (John Henry Bernard) araon, ‘le h úsáid ina ndeoisí féin’. Rinneadh roinnt iarrachtaí ansin cead comhchosúil a iarraidh ar easpaig na ndeoisí eile.

 

Postcard
Postcard
 
Printed Text
Printed Text

The handwritten postcard and the published text

Léiríonn brollach Duanaire Diadha (ina bhfuil 16 iomann san iomlán, arb é leagan de hÍde den Lúireach an ceann tosaigh) gurb iad na daoine a bhí ar an bhfochoiste a bhí freagrach as an bhfoilseachán ná Úna Dix, Eitne Culverwell agus George Ruth, dream a d’aithin ról Úna Ní Ógáin (Úna Young) i mbailiú na coda is mó dá chuid, agus an Déan, an Dr. Ovenden, ‘as a chúnamh leis an gceol agus as fáilte a chur romhainn go dtí an Ardeaglais’. Bhain Dix, Ruth agus Ní Ógáin leis an gCumann, chomh maith le Culverwell.  Bhí Úna Dix ina ball de Chonradh na Gaeilge agus ina scríbhneoir gearrscéalta agus drámaí agus phós sí Ernest Reginald McClintock Dix, fear a bhí ina dhlíodóir agus ina scríbhneoir a bhain leis an gCumann chomh maith. D’oibrigh George Ruth ar feadh na mblianta fada mar Rúnaí Oinigh an Chumainn. Ba státseirbhíseach é in Oifig an Ard–Chláraitheora a tugadh ar iasacht tráth níos déanaí le cabhrú le hoscailt Choláiste Móibhí, an Coláiste Ullmhúcháin Protastúnach, in Aibreán 1927, agus bhí sé ar an gcéad phríomhoide dá chuid. Bhí a bhean chéile, May, ar an gcéad chomhalta mná d’Ardsionad Eaglais na hÉireann. Ball bunaidh den Chumann ba ea Úna Ní Ógáin agus thosaigh sí ag bailiú dánta cráifeacha thart timpeall ar 1915. Sula cailleadh go tobann í sa bhliain 1927, rinne sí cur síos ar an Lúireach mar ‘Mhór–Iomann Tríonóide Chríostaíocht na hÉireann’ agus thug sí ómós dá cara Dubhghlas de hÍde as a chuid iarrachtaí ‘é a dhéanamh níos éasca le tuiscint’. I ndiaidh a báis ba é de Híde a thug dá aire go gcuirfí le chéile bailiúchán eile desna dánta a fuair sí agus foinn Ghaelach ag dul leo (Roibeard O Duibhir a rinne na tionlacain). Foilsíodh Dánta Dé i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1928.

Beatrice Hamilton's handwritten explanatory note
Beatrice Hamilton's handwritten explanatory note

Bhí saol suimiúil ag Eitne Culverwell ina dhiaidh sin. De réir a cuimhní cinn neamhfhoilsithe, ba é an E. J. Gwynn a bhí ag iarraidh uirthi an Gaeilge a mhúineadh i gColáiste na Trionóide, ach phós sí Gustavus Everard Hamilton ó Bhaile an tSaoir, Contae Bhaile Átha Cliath, sa bhliain 1916, fear a bhí ina abhcóide agus a cailleadh go tragóideach de thoradh galar na heitinne, ar aon dul le Nuala Hyde, tar éis dhá bhliain ina dhiaidh sin i 1918. Phós sí an tOir. George Frederick Hamilton (fear nach raibh gaol ar bith aige lena céad fhear céile), reachtaire Mhaigh Locha i ndeoise Thuama 1904–23 ina dhiaidh sin agus bhí triúr clainne acu, Ethne, Mary agus Patrick. Oirníodh beirt garmhac dá cuid (mic Ethne), Stephen (a cailleadh i 1990) agus Martin, mar chléir d’Eaglais na hÉireann. Tá Martin mar reachtaireCheanannais i ndeoise Osraí anois. Sa bhliain 1980, dhá í bliana go díreach sula cailleadh í i 1982, ag aois 92 bliana, bhronn Beatrice Hamilton (ailias Eitne Culverwell) a gcuid cártaí poist ina raibh bunaistriúchán de hÍde ar an Lúireach ar Leabharlann RCB, in éineacht lena nóta míniúcháin, a bhí scríofa go ceanúil aici, áit a bhfuil siad á stóráil anois mar MS 163 agus iad ar fáil le haghaidh comhairliúcháin phoiblí.

 Tá gach ceann acu á chur i láthair anseo againn sa taispeántas sleamhnán tionlacain, in éineacht le bailiúchán grianghraf agus foinsí cartlainne gaolmhara. Táimid thar a bheith buíoch de Douglas Sealy nach maireann, garmhac Dhubhghlais de hÍde, as grianghraif teaghlaigh a chur ar fáil go fial, agus do chlann Douglas Sealy, den Oir. Martin Hilliard, garmhac Eitne Culverwell, as cuimhní ar a sheanmháthair a roinnt linn agus as a grianghraf a chur ar fáil, den Dr. Valerie Jones, nach maireann, a bhí fláitiuil lena cuid saineolais agus a d’ullmhaigh stair ar Phoblachtaigh Phrotastúnacha ar beag an cháil atá orthu agus de Caroline Nolan ó Chumann Gaelach na hEaglaise, as ucht a gcuid cúnaimh le taispeántas na míosa seo. Tá an t–ábhar uile sa taispeántas sleamhnán faoi chúram Leabharlann RCB mura shonraítear a mhalairt.

 

Douglas Hyde's “modern Irish” translation of St Patrick's Breastplate
Douglas Hyde's “modern Irish” translation of St Patrick's Breastplate

Cliceáil anseo le haghaidh taispeántais sleamhnán

Le haghaidh a thuilleadh faisnéise,
déan teagmháil, le do thoil, le:

An Dr. Susan Hood
Leabharlann RCB
Páirc Braemor
Baile an Teampaill
Baile Átha Cliath 14
Teil: 01–4923979
Facs: 01–4924770
R–phost: susan.hood@rcbcoi.org

 

Cúlra

Bunaíodh Cumann Gaelach na hEaglaise sa bhliain 1914 chun (1) meon na Sean–Eaglaise Ceiltí a choimeád beo in Eaglais na hÉireann agus baill na hEaglaise a chuireann spéis sa Ghaelachas a bhailiú le chéile, (2) úsáid na Gaeilge a leathnú san Eaglais, (3) iomainn agus ábhar diaga eile a bhailiú ó litríocht na Gaeilge agus (4) ceol agus ealaíon Éireannach a chur ar aghaidh in imeachtaí na hEaglaise.

Background Information 

Cumann Gaelach na hEaglaise: The Irish Guild of the Church was founded in 1914 to (1) promote all that tends to preserve within the Church of Ireland the spirit of the ancient Celtic Church and to provide a bond of union for all members of the Church of Ireland inspired with Irish ideals, (2) promote the use of the Irish language in the Church, (3) collect from Irish sources suitable hymns and other devotional literature, (4) encourage the use of Irish art and music in the Church.

Oifigeach Forbartha Gaeilge
+353 (0)85 1632772

gaeleaglais@gmail.com

 

Our use of cookies

Some cookies are necessary for us to manage how our website behaves while other optional, or non-necessary, cookies help us to analyse website usage. You can Accept All or Reject All optional cookies or control individual cookie types below.

You can read more in our Cookie Notice

Functional

These cookies enable core functionality such as security, network management, and accessibility. You may disable these by changing your browser settings, but this may affect how the website functions.

Analytics cookies

Analytical cookies help us to improve our website by collecting and reporting information on its usage.